Seán Ó Sé – Éigse 2021

Profiling our workshop artists / Súil ar aíonna na ceardlainne

Seán Ó Sé.
Amhránaíocht I mBéarla /
English Language singing.

I mí Eanair 1936 saolaíodh Seán Ó Sé I mBéal Átha Lice in Iarthar Chorcaí,mar ar togadh le Geilge é. Oidí bunscoile ab ea a thuistí. Amhranaí brea ab ea a athair, agus bhí cáil ar uncail leis mar amhranaí ar an sean-nós.

Cáilíodh é mar oide bunscoile agus tosnaigh sé ag freastal ar ranganna guth oiliúnaí I Scoil Cheoil Chorcaí I 1956.Le linn an ama seo, mhéadaigh sé réimse a ghutha agus mhúin John T Horne dhó conas a ghuth a úsáid agus a chaomhnú.

I dtús na seacaidí thosaigh sé ag canadh le Cabaret Gael-Linn agus cuireadh in aithne é do Sheán Ó Riada. Thaitin a ghuth leis an Riadach agus dheineadar an céirnín “ An Poc ar Buile”, amhrán a scríobh Dónal O Mulláin,  ó Chúil Aodha.

Céirníní eile  atá déanta leis an Riadach –  “ The Banks of My Own Lovely Lee” “ Bhí Bean Uasal” agus “ Taimse im’ Chodladh.

Bhí sé páirteach le Seán agus Ceoltóirí Chualann san sraith cláracha “Fleadh Cheoil an Radio”. Bhíodar beirt ar an stáitse in Amharclann an Gaiety ar an oíche stairiúil úd as a dtainigh an céirnín “ Ó Riada sa Gaiety”, atá ar fáil ar dhlúthdhiosca anois.

Taréis bháis Sheáin Ui Riada lean Seán air ag canadh. Dhein sé céirníní le daoine mar Donal Lunny, Dermot Ó’Brien, Cathal Dunne agus Peadar Ó Riada. Bhí ceangal aige le Comhaltas mar amhranaí ag coirmeacha  ar fuaid na tíre agus thar lear I Sasana.

Sa bhliain 2005 dhein sé a chéad camchuaird le Macalla na hÉireann go dtí na Stáit Aontaithe agus  thaisteal sé le Comhaltas go Moscó, Shanghai agus Havanna.

Gach Luan tugann sé aghaidh ar Chúil-Aodha ag taifeadadh amhráin le Peadar O Riada. Tá breis agus trí scór amhrán ar théip acu agus tá sé beartaithe acu iad a eisiúínt ar dhlúth dhiosca go luath.

Tá cónaí ar Sheán Ó Sé agus a bhean Eibhlín I gcathair Chorcaí.

Tuilleadh eolas faoin gcuid eile de na ceardlanna agus conas áit a chur in áirithe le fáil anseo.

Séan Ó Sé was born in Ballylickey West Cork in January 1936. Both his parents were Teachers and he was raised through the medium of Irish. His father was a fine singer and his uncle sang sean-nós.

He qualified as a teacher and took singing lessons with John T Horne ,who taught him how to use and conserve his voice. He began to sing with Cabaret Gael Linn in the 60’s and was introduced to Seán Ó Riada. Ó Riada liked his voice and they recorded the record “An Poc ar buile” which was written by Dónal Ó Mulláin from Cúil Aodha. Other recordings made with Ó Riada include “ The Banks of my Own Lovely Lee”, “Bhí Bean Uasal” and “ Táimse Im Chodladh”.

Her also took part in the series of programmes “ Fleadh Cheoil an Riadaigh” with Seán and Ceoltóiri Chualann. They were both on stage at the historic concert in  The Gaiety Theatre from which the “ Ó Riada sa Gaiety” recording originated.

After Seán Ó Riada’s death he continued singing and made recordings with Donal Lunny, Dermot O Brien, Cathal Dunne and Peadar O Riada. He also sang at Comahaltas concerts all around Ireland and in England. In 2005 he toured with Macalla na hÉireann in the United States and travelled with Comhaltas to Moscow, Shanghai and Havanna.

He visits Cúil Aodha every Monday night and records songs with Peadar Ó Riada. They have recorded over 60 songs and hope to release them on CD soon.

He lives in Cork with his wife Eibhlin.

More information about the rest of the workshops and how to book your spot can be found here.

Cárthach Mac Craith – Éigse 2021

Profiling our workshop artists / Súil ar aíonna na ceardlainne

Cárthach Mac Craith.
Amhránaíocht I nGaoulinn /
Irish Language singing.

Rugadh agus tógadh Cárthach Mac Craith I Rinn ó gCuanach I nDéisibh Mumhan.

Tá Cárthach ag amhrán ó bhí sé ina gharsúin óg agus thug leis an traidisíuin ársa amhránaíochta  a áite dhúchais.

Bhí sé ar an gcéad amhránai ag an ngrúpa Danú  agus tá sé ina bhall de Chór Fear na nDéise.

Tá a chuid amhránaiochta le cloisint ar dhlúthdhioscaí na ngrúpai sin agus ar a dhlúthdhiosca aonarach An Tobar Séimh, a sheol sé in 2018.

Tuilleadh eolas faoin gcuid eile de na ceardlanna agus conas áit a chur in áirithe le fáil anseo.

Cárthach mac Craith was born and reared in the  Ring  Gaeltacht in County Waterford.

Cárthach has been singing since he was a young child and is steeped in the rich traditional singing of his native home.

He was the lead singer with the group Danú and is a member of Cór Fear na nDéise. His singing can be heard on  the cd’s of those groups and can be heard also on his won solo cd An Tobar Séimh.

More information about the rest of the workshops and how to book your spot can be found here.

Fógra / Ceardlanna Amhránaíochta & Ceoil Éigse 2021

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil clárú do cheardlanna Amhránaíochta & Ceoil na bliana seo oscailte anois. Is feidir clárú suas go dtí an lá féin, agus ar an lá féin fiú, ach bíonn éileamh i gcónaí ar áiteanna mar sin cláraigh go luath más féidir.                   

Cárthach Mac Craith.
Amhránaíocht I nGaoulinn / Irish Language singing.

Seán Ó Sé.
Amhránaíocht I mBéarla / English Language singing.

Megan McGinley.
Fidil / Fiddle.

Seán Ó Fearghaill.
Consairtín / Concertina.

Sibéal Davitt.
Rince / Dance.

Paudie O Connor.
Bosca Ceoil / Accordion.

Catherine McEvoy.
Feadóg Mhór / Flute.

Cliodhna Costelloe.
Banjo.

Déan teagmháil le bhur dtoil len Ionad Cultúrtha ag 026 45733 nó eolas@ionadculturtha.ie.   

Táille: Duine amháin =€20
Táillí i gcás páiste ón dteaghlach céanna: X 2 = €35; X 3 = €50; x 4 = €60

Ionad Culturtha an Dochtúra Uí Loingsigh agus Coláiste Ghobnatan. 
04 Nollaig, 2021

Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin 2020

Tá an bheart déanta arís againn agus an 29ú Éigse Dhiarmuidín comórtha agus ceiliúrtha anois. 

Féile í seo atá rí-thábhachtach dár bhféiniúlacht agus dár n-aitheantas cultúrtha mar Ghaeil agus tá athnuachan déanta arís againn inné agus inniu, i dteannta a chéile, ar an oidhreacht luachmhar sin.

Ár mbuíochas libhse arís as a bheith linn ar líne i mbliana agus arís ár mbuíochas lenar n-aíonna iontacha i gceolchoirm na hoíche aréir agus buíochas lenár n-aíonna a chonaic sibh thar na mblianta ag Ceadal na hÉigse anseo arís inniu ó Chartlann na hÉigse.

Is mór ag Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin an tacaíocht agus an dílseacht a léirigh sibhse dúinn le 29 bliain anuas agus táimid dóchasach go mbeidh an uile duine agaibh linn an bhliain seo chugainn arís i nGaeltacht Mhúscraí, nuair a dhéanfar ceiliúradh breá Gaelach le ceol, amhráin, rince agus comhluadar ar an 30ú Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin i 2021.

Go dtí sin a chairde na hÉigse, go dté sibh slán!


Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin would like to sincerely thank all our performing artists, funders and supporters for making this the 29th Éigse a success. We look forward to welcoming you again to the Múscraí Gaeltacht next year for the 30th Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin 2021.

Veidhlín Maidhcí

Is deireadh seachtaine mór i deireadh seachtaine na hÉigse, don cheantar, agus do na Maidhcí’s, muintir Maidhcí Ó Súilleabháin, athair Dhiarmuidín, go háirithe. Ba chóir go dtabharfadh an píosa speisialta seo léargas daoibh ar an bhfear é féin agus conas mar a chuaigh a ghrá don cheol agus don chultúr i bhfeidhm ar a chlann agus Diarmuidín féin.

“Seo é an veidhlín a bhuaigh an chéad duais i gcomórtas an ‘Wooden Toy’ ag seó i gCorcaigh. 🥇🏆

Thug Maidhcí Ó Súilleabháin faoi veidhlín a dhéanamh go luath sna 60í agus é i seilbh a mhuintire i gcónaí a bhuíochas do ranganna Mhíchíl Uí Lionáird. 🎻🎻

Buíochas do MOLSCÉAL agus Seamus O Suilleabhain as ucht é chur i lathair.

GRIOGAIR LABHRUIDH : #ÉIGSE20

Tha Griogair Labhruidh na neach-nuadhachaidh ainmeil agus cliùiteach ann an ceòl na h-Alba. Bàrd, seinneadair agus neach-ciùil Gàidhlig Albannach à Gart a ’Chàirn (Gartocharn) le freumhan làidir ann an traidisean Gàidhlig Bhaile a’ Chaolais (Ballachulish) ann an Gàidhealtachd na h-Alba. Tha e moiteil a bhith a ’cumail cànan dùthchasach, seinn agus pìobaireachd nan daoine beò.

Is nuálaí mór le rá é Griogair Labhruidh i gceol na hAlban. File, ceoltóir, agus amhránaí as Gart a’ Chàirn i Siorrachd Dhùn Breatann an Iar le fréamhacha láidre i dtraidisiún Gaelach Bhaile a’ Chaolais i nGàidhealtachd na hAlban. Tá sé an-bhródúil as teanga, amhránaíocht agus píobaireacht a mhuintire a choimeád beo bríomhar. Tá spéis faoi leith ag Griogair san amhránaíocht dhúchasach in Albain agus in Éirinn.

Griogair Labhruidh is a well-known and well-respected innovator in Scottish music. A Scottish Gaelic poet, singer and musician from Gart a’ Chàirn (Gartocharn) with strong roots in the Gaelic tradition of Bhaile a’ Chaolais (Ballachulish) in the Scottish Highlands. He is proud to be keeping the indigenous language, singing and piping tradition of his people alive.

NUADÁN : #Éigse20

Grúpa ildánach Déiseach iad Nuadán (na deartháireacha Cárthach, Macdara, Pax Ó Faoláin ón Rinn, Iarlaith Mac Gabhann, Baile Átha Cliath) a sheinneann sa stíl thraidisiúnta inar tógadh baill an ghrúpa agus amhráin áitiúla acu as Gaoluinn agus as Béarla. Cuirtear an traidisiún chun cinn cé go gcuireann gach ball a splanc féin leis an gceol chomh maith. I mí na Samhna 2019 ag Féile Ceoil na hInse, i gCo an Chláir, sheol Nuadán ceirnín dar teideal Dén Díobháil, an tarna ceirnín uathu.

Nuadán (which is made up of brothers Cárthach, Macdara and Pax Ó Faoláin from An Rinn, Co. Waterford, and Iarlaith Mac Gabhann, Dublin) are a vibrant band from the Déise who play a wide range of traditional tunes and sing local sean-nós, macaronic and traditional songs in English. The band focuses on keeping the tradition they were brought up with alive, while also adding something new to the music. In November 2019, they launched Dén Díobháil at the Ennis Trad Fest which was their second album.