Éigse '09

Cuirfear tús le hÉigse na bliana seo ar an Aoine, an 4ú Nollaig.

Is é Seán Ó Liatháin, buan-chara le Diarmuidín a dhéanfaidh an oscailt in Áras Éamon Mac Suibhne i gCúil Aodha ar a 8.00 i.n.

Beidh fíon is cáis ar fáil.

Seolfar an leabhar ‘Arís’, bailiúchán griangrafanna le Con Kelleher, agus aon rud eile atá le seoladh, ar éis na h-oscailte.

Tabharfaidh Dónal Ó hÉalaithe léacht ar shaol agus ar shaithar an Dochtúra Ó Loingsigh, mór-laoch de chuid Bhaile Mhúirne.

Seinnfidh banna ceoil Chonail Uí Ghráda ceol.

Beidh oíche mhór seiteanna in Óstán Ghobnatan. Seinnfidh Johnny Reidy an ceol, agus beidh tae ar fáil.

Tigh 3 sheomra leapan le fáil / 3 bedroom house available for rent during the Éigse

Tigh 3 sheomra leapan le fáil ar chíos i mBaile Mhic íre le linn na hÉigse
2 sheomra dúbalta agus 1 seomra singil.
Trasna an bhóthair ó Oifig an Phoist sa tSráid Bhaile.
Glaoigh ar 026 45455 chun breis eolais a fháíl.

A 3 bedroom house available for rent during the Éigse weekend.
2 double rooms and 1 single
Across the road from the post office in the Village
Call 026 -45455 for more information.