Sorcha Costello 

Profiling our workshop artists / 
Súil ar aíonna na ceardlainne 2022

Bronnadh Gradam Ceoil TG4, Ceoltoir Óg na Bliana 2021 ar Shorcha Costello. Is ceoltoir traidisiúnta í a sheineann an fidil. Is ón Tulach I gContae an Chláir í agus tagann sí ó clann atá préamhaithe sa cheol traidisiúnta.

Is mar cheoltoir aonair is mó a sheineann sí ach tá baint aici le teacht le chéile ceolmhair eile,ceann acu san mar duet lena máthair Mary MacNamara. Cé go bhfuil stíl fidléireachta Shorcha bainteach go mór le Oirthear an Chláir,bhí tionchar mór ag leithéidí, Frankie Gavin, Brian Rooney agus Tommy Potts uirthi.

Tá sí ag obair mar Teiiapeóir Ceoil cáilithe ach leanann sí lei ag deanamh ceoil agus ag múineadh ceoil.

Awarded with the prestigious Gradam Ceoil TG4 Young Musician of the Year 2021, Sorcha Costello is a traditional Irish fiddle player from Tulla Co. Clare and hails from a family emerged in traditional Irish music.

She performs mainly as a solo artist but is also part of other musical collaborations which includes a duet with her mother, Mary MacNamara. While Sorcha’s style of fiddle playing is rooted in East Clare, she has been strongly influenced by musicians such as Frankie Gavin, Brian Rooney, and Tommy Potts.

She is now practising as a qualified Music Therapist but also continues to perform and teach traditional music.

Beidh na ceardlanna ar siúl san Ionad Cultúrtha agus i gColáiste Ghobnatan, óna 10.00 go dtína 12.30 maidin Dé Sathairn 03 Nollaig 2022.

Workshops take place in the Ionad Cultúrtha and in Coláiste Ghobnatan from 10.00 to 12.30 on Saturday morning 3rd of December.

Brian O’Loughlin

Profiling our workshop artists / 
Súil ar aíonna na ceardlainne 2022

As Tuaisceart an Chláir do Brian O’ Loughlin. D’fhás sé aníos ag foghlaim agus ag seinnt sa dúthaigh agus móran  boinn uile Éireann bronnta air dá réir.

Ta sé anois ina bhall den Sheandrum Céilí Band agus bionn sé ag seinnt agus ag múineadh go rialta ar fuid contae an Chláir. Tá ana thóir ar Bhrian mar cheoltóir agus ta fód na cruinne siúlta aige lena fheadog mhór, leithéidí an tSín,Dubai agus an Eoraip.

Brian O’Loughlin hails from the North of Clare. He grew up in the area playing and learning the flute and has won many All Ireland medals.

He is now a member of Seandrum Céilí Band and he plays and teaches classes regularly all over Clare. Brian is very much in demand as a musician and he has travelled to many places such as China, Dubai and Europe playing the flute.

Beidh na ceardlanna ar siúl san Ionad Cultúrtha agus i gColáiste Ghobnatan, óna 10.00 go dtína 12.30 maidin Dé Sathairn 03 Nollaig 2022.

Workshops take place in the Ionad Cultúrtha and in Coláiste Ghobnatan from 10.00 to 12.30 on Saturday morning 3rd of December.

Libby McCrohan

Profiling our workshop artists / 
Súil ar aíonna na ceardlainne 2022

Is ceoltóir traidisiúnta ó Bhaile Atha Cliath í Libby McCrohan. Seineann sí bouzouki ciorcalach Gréigeach. Nuair a bhíonn sí ag tionlacan seineann si go mothúlach, séimh,rithimiúil. Togann sí ionsparaid ó cheoltoirí an phíb uilinn.

Ta Libby tar éis seinmt ar fud na hÉireann agus thar lear. Tá sí le fáil ar dhá thaifeadadh go fóill- an dlúthdhiosca aitheanta “ Heard a Long Gone Song” le Lisa O Neill ( 2018) agus “ Not Before Time”…39 years in the Making” le Páraic Mac Donncha (2018).

Libby McCrohan is an Irish traditional musician from Dublin. She plays a round Greek bouzouki. Her approach to accompaniment is sensitive, subtle and rhythmical, taking inspiration from the regular playing of uilleann pipers.

Libby has performed all over Ireland and abroad and has featured on two albums to date- the critically acclaimed “ Heard a Long Gone Song” by Lisa O Neill (2018) and  “ Not Before Time…39 years in the Making” by Páraic Mac Donnchadha (2018).

Beidh na ceardlanna ar siúl san Ionad Cultúrtha agus i gColáiste Ghobnatan, óna 10.00 go dtína 12.30 maidin Dé Sathairn 03 Nollaig 2022.

Workshops take place in the Ionad Cultúrtha and in Coláiste Ghobnatan from 10.00 to 12.30 on Saturday morning 3rd of December.

Éigse 2022

Tá Éigse 2022 ag druidim linn agus tá áthas orainn go bhfuil ár nábhar clódóireachta réidh le scaipeadh agus go bhfuil ár gclár ullamh le fógairt. Is obair ealaíonta ionta fhéin iad na postaeir agus is fiú go mór ceann acu a choimead mar chuimhneachán na deireadh seachtaine. Ag súil go mór le deireadh seachtaine den scoth le ceol, amhránaíocht, craic agus dea chomhluadar.

Eigse 2022 Poster

Ceardlanna Éigse 2022

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil clárú do cheardlanna Amhránaíochta & Ceoil na bliana seo oscailte anois. Is feidir clárú suas go dtí an lá féin, agus ar an lá féin fiú, ach bíonn éileamh i gcónaí ar áiteanna mar sin cláraigh go luath más féidir.

Delighted to announce our workshop lineup for this year and that registration for this year’s music and singing workshops is now open. You can register up and including the day itself but it’s recommended to register in advance as places are limited.

03 Nollaig, 2022
10.00 - 12.30  Ceardlanna Amhránaíochta agus Ceoil na hÉigse.
SINGING AND MUSIC WORKSHOPS.
Ionad Cultúrtha  Dochtúir Ó Loingsigh agus Coláiste Ghobnatan
Libby McCrohan - Bouzouki 

Diarmuid Ó Meachair - Bosca Ceoil / Accordion.

Cathy Jordan -  Amhránaíocht I mBéarla / English Language singing.

Lillis Ó Laoire - Amhránaíocht I nGaeilge / Irish Language singing. 

Mary MacNamara  Consairtín / Concertina.. 

Sorcha Costello - Fidil / Fiddle.

Brian O Loughlin - Feadóg Mhór / Flute.

Edel Ní Churraoin - Rinnce Sean Nóis / Sean-nós dance

Déan teagmháil le bhur dtoil len / For registration please contact
Ionad Cultúrtha ag 026 45733 nó eolas@ionadculturtha.ie.   

Táille: Duine amháin =€20
Táillí i gcás páiste ón dteaghlach céanna: X 2 = €35; X 3 = €50; x 4 = €60

Seán Ó Fearghaill – Éigse 2021

Profiling our workshop artists /
Súil ar aíonna na ceardlainne 2021

Is ón Rinn, i nGaeltacht na nDéise do Sheáin Ó Fearghail.

Thosaigh sé ar an bhfidil sa bhunscoil agus níorbh fhada gur phioc sé suas an consairtín chomh maith. D’fhreastail sé ar go leor ceardlanna ceoil thimpeall na tíre cosúil le Scoil Samhradh Willie Clancy agus bhí an-tionchar ag an gceol a chuala sé ann ar a chuid seinnt. D’éist sé le ceoltóirí mar Tommy Peoples, Matt Molloy, Martin Hayes, Noel Hill agus Bobby Gardiner.

Bhain sé máistreacht amach ón roinn cheoil in Ollscoil Luimnigh i 2010.

Beidh na ceardlanna ar siúl san Ionad Cultúrtha agus i gColáiste Ghobnatan, óna 10.00 go dtína 12.30 maidin Dé Sathairn 04 Nollaig 2021.

Seán Ó Fearghail is from the Rinn Gaeltacht in Waterford.

He started playing the fiddle in primary school but it wasn’t long before he began to play the concertina as well. He has attended many music workshops around the country amongst them Scoil Shamhraidh Willie Clancy and was greatly influenced by the music he heard. He has listened to such musicians as Tommy Peoples, Matt Molloy, Martin Hayes, Noel Hill and Bobby Gardiner. 

He obtained his Masters from the Music Department in UL in 2010.

Workshops take place in the Ionad Cultúrtha and in Coláiste Ghobnatan from 10.00 to 12.30 on Saturday morning 4th of December.

Paudie O Connor – Éigse 2021

Profiling our workshop artists /
Súil ar aíonna na ceardlainne 2021

Is boscadóir ó cheantar Shliabh Luachra é Paudie O Connor. Leanann a stíl traidisiún Shliabh Luachra le tionchair óna leithead de Phádraig Uí Chaoimh,  Denis Murphy agus na boscadóirí áitiúla cosúil le Johnny O Leary, Jimmy Doyle agus John Brosnan.

Sa bhliain 2005 sheol sé an ceirnín Different State a roghnaigh ‘The Irish Times’ agus ‘The Irish Echo’ mar rogha na bliana ó thaobh na gceirníní traidisiúnta de. Tá dhá cheirnín eile aige – Wind and Reeds leis an bpíobaire John O Brien agus Didn’t She Dance and Dance a sheol sé lena chéile, an fidléir Aoife Ní Chaoimh.

Seinneann agus múineann sé ag na féilte ceoil ar fud na tíre go rialta – Scoil Samhraidh Willie Clancy agus The Gathering san áireamh.

Tá roinnt taifead déanta aige do chláracha teilifíse, ina measc HUP, Geantraí agus TradFest TG4. Bhí sé mar láithreoir don chlár Geantraí nuair a taifeadadh é in Oileán Chiarraí sa bhliain 2014. 

Beidh na ceardlanna ar siúl san Ionad Cultúrtha agus i gColáiste Ghobnatan, óna 10.00 go dtína 12.30 maidin Dé Sathairn 04 Nollaig 2021.

Paudie O Connor is a box player from Sliabh Luachra who follows the traditional Sliabh Luachra style and was influenced by the likes of Padraig Ó Caoimh,Denis Murphy and by local box players such as Johnny O Leary, Jimmy Doyle and John Brosnan.

In 2005 he launched the record “Different State” which was chosen by the Irish Times and Evening Echo as traditional record of the year. He has two other recordings “Wind and Reeds” with the piper John O Brien and “Didn’t she Dance and Danca with his wife ,the fiddler Aoife Ní Chaoimh.

He regularly plays and performs at various festivals during the year, among them “Scoil Shamhraidh Willie Clancy” and “The Gathering”.

He has  done some recordings for television programmes, Hup, Geantraí  and Tradfest on TG4 and was also a presenter for the programme “Geantraí” when it was recorded in Castleisland in 2004.

Workshops take place in the Ionad Cultúrtha and in Coláiste Ghobnatan from 10.00 to 12.30 on Saturday morning 4th of December.

Megan Nic Fhionnghaile – Éigse 2021

Profiling our workshop artists /
Súil ar aíonna na ceardlainne 2021

Is fiddléir ó Ghaoth Dobhair í Mégan, áit ina bhfuil  ceol traidisiúnta agus an ghaoluinn go laidir ann. Bhí sí timpeallaithe ag an gceol agus amhránaíocht is í ag fás aníos. Fiddléir aitheanta ab ea a sin-sheanathair, Joe Jack agus bhí amhráin go tiúbh ag a seanmháthair agus a deirfiúracha.

Tá Megan ag freastal ar Ollscoil Luimní agus tá an triú bhliain ag staidéar Ceol na hÉireann criochnaithe aici. I 2019 bhuaigh sí craobh Uladh sa chomórtas fidil agus ghlac sí páirt I gcraobh Fleadh na hÉireann. Bíonn sí gníomhach ag seinmt ag féilte agus seisiúin ceoil ar fud na tíre agus tá taithí aici bheith ag múineadh ina pobal áitiúil.

Megan Nic Fhionnghaile is a fiddle player from Gaoth Dobhair, a region celebrated for its traditional Irish music and the Irish Language. Growing up, she was surrounded with songs and music from her- her great-grandad, Joe Jack being a well known fiddle player of the area and her Grandmother and her siblings being singers.

Megan attends the University of Limerick and has just finished her third year studying Irish Music there. In 2019 she was the Ulster champion in senior fiddle and was a finalist in the All Ireland Fleadh. She is active performing at festivals and sessions around Ireland and has teaching experience in her local community.