NUADÁN : #Éigse20

Grúpa ildánach Déiseach iad Nuadán (na deartháireacha Cárthach, Macdara, Pax Ó Faoláin ón Rinn, Iarlaith Mac Gabhann, Baile Átha Cliath) a sheinneann sa stíl thraidisiúnta inar tógadh baill an ghrúpa agus amhráin áitiúla acu as Gaoluinn agus as Béarla. Cuirtear an traidisiún chun cinn cé go gcuireann gach ball a splanc féin leis an gceol chomh maith. I mí na Samhna 2019 ag Féile Ceoil na hInse, i gCo an Chláir, sheol Nuadán ceirnín dar teideal Dén Díobháil, an tarna ceirnín uathu.

Nuadán (which is made up of brothers Cárthach, Macdara and Pax Ó Faoláin from An Rinn, Co. Waterford, and Iarlaith Mac Gabhann, Dublin) are a vibrant band from the Déise who play a wide range of traditional tunes and sing local sean-nós, macaronic and traditional songs in English. The band focuses on keeping the tradition they were brought up with alive, while also adding something new to the music. In November 2019, they launched Dén Díobháil at the Ennis Trad Fest which was their second album.

NÓIRÍN MAIDHCÍ Ó DÁLAIGH : #Éigse20

Tá Nóirín ag canadh ó bhí sí ina cailín óg sa bhaile i gCúil Aodha ag foghlaim a cuid amhrán ar dtúis óna thuismitheoirí, Nóra agus Maidhcí, agus óna deirfiúr Eilís agus óna deartháir Diarmuid.

Tá cáil ar mhuintir Shúilleabháin, an triúr atá ag canadh i gceolchoirm na hÉigse i mbliana, agus an bheirt deirféar eile, Eilís agus Máirín, as an stór mór amhrán Múscraíoch atá acu i nGaoluinn, i mBéarla agus go dátheangach. Is duine den gclann cheolmhar seo í Nóirín.

Nóirín heard and learned songs, as did all of her siblings, from both their parents and from singers in the wider family and local community in Cúil Aodha. Between them all, the Ó Súilleabháin family, those singing at this year’s Digital Concert, as well as sisters Eilís and Máirín, all share a huge store of local Muscraí songs – a vast repertoire of songs in Irish, in English and bilingual.

EOINÍ MAIDHCÍ Ó SÚILLEABHÁIN : #Éigse20

Tá Eoiní ag canadh ó bhí sé ina gharsúinín óg sa bhaile i gCúil Aodha ag foghlaim a chuid amhrán ar dtúis óna thuismitheoirí, Nóra agus Maidhcí, agus ó amhránaithe muinteartha cosúil le Seán Eoghain a’ Bhab Ó Súilleabháin agus amhránaithe eile i bpobal Chúil Aodha. 

Tá cáil ar Eoiní as an stór mór amhrán Múscraíoch atá aige i nGaoluinn, i mBéarla agus go dátheangach. Ar na daoine eile a raibh tionchar acu ar amhránaíocht Eoiní bhí Séamus Mac Mathúna agus Seán Ó Riada. Duine de mhór-amhránaithe Mhúscraí le fada an lá.

Like all of his siblings, Eoiní has been singing since he was a young child. Learning songs from both his parents and from singers in the wider family group like Seán Eoghain a’ Bhab Ó Suilleabháin and the many singers in the local community. He has rich store of local songs in Irish, in English and bilingual songs. Influences on his singing also include Seamus Mac Mathúna and Seán Ó Riada. Eoiní is recognised as a particularly important bearer of the Múscraí singing tradition.

DANNY MAIDHCÍ Ó SÚILLEABHÁIN : #Éigse20

Duine de mhór-amhránaithe Mhúscraí le fada an lá is ea Danny. Thosnaigh sé ag foghlaim a chuid amhrán sa bhaile óna thuismitheoirí, Nóra agus Maidhcí. Bhíodh amhránaíocht ar siúl i Scoil Bharr Duínse leis agus é ag dul ar scoil ann.

Chuaigh Dónal Ó Mulláin ó Screathan na nGabhann i bhfeidhm air blianta níos déanaí nuair a théadh sé ar scoraíocht chuige. Bhíodh ana-thóir aige ar amhráin an chumadóra áitiúil, Danny Tom Ó Liatháin.

Daoine eile a raibh tionchar acu ar a chuid amhránaíochta, ó lasmuigh de Mhúscraí, ab ea Liam Weldon agus Jim Kelly i mBaile Átha Cliath. Tá cáil ar Danny as an stór mór amhrán atá aige.

Like all of his siblings, Danny has been singing since he was a young child. Learning songs from both his parents and from singers in the wider family group and the local community. He is known for his rich store of local songs; songs in Irish, in English and bilingual songs. Danny is recognised as a particularly important bearer of the Múscraí singing tradition. Danny’s latest album ‘Buail do Phuc agus Liúigh (2016) contains 38 songs.

MAIGHRÉAD NÍ LUASA : #Éigse20

Maighréad Ní Luasa le leagan bríomhar den bport ‘ Paddy Kelly’s ’, agus Tadhg de Brún á tionlacan, a thuilleadh le teacht ag ceolchoirm na hÉigse ar an Satharn 05/12 @ 21:00.

Maighréad Ní Luasa accompanied by Tim Browne playing a lively version of ‘ Paddy Kelly’s ’ – much, much more to come in our Éigse Digital Concert on Saturday 05 December @ 21:00.

Rugadh agus tógadh Maighréad Ní Luasa i Screathan na nGabhann, Cúil Aodha. Chuir a tuismitheoirí Maighréad i dtreo an cheoil nuair a bhí sí cúig bliana d’aois agus tá sí ag seinm ó shin. Is múinteoir bunscoile í Maighréad anois agus múineann sí i dtuaisceart Chorcaí. Bíonn Maighréad ag múineadh ceoil do dhaoine óga chomh maith, rud a thaitníonn go mór léi.

Maighréad Ní Luasa was born and reared in Screathan na nGabhann, Cúil Aodha. Her parents put her in the direction of music when she was five years old and she has been playing music ever since. She now works as a national school teacher and teaches in North Cork. Maighréad also teaches music to young people, something she very much enjoys doing.

MUINTIR MHEACHAIR : #Éigse20

Muintir Mheachair le leagan ceolmhar den bport ‘I buried my wife and danced on her grave’, ag meabhrú dúinn an féasta ceoil agus amhrán atá le teacht ag ceolchoirm na hÉigse i mbliana.

Here we have Ó Meachair Family with a version of the tune ‘I buried my wife and danced on her grave’, giving us a taste of what’s in store at our Digital Concert ÉIGSE 2020 on 05 December @ 21:00.

Seoladh Póstaeir #ÉIGSE20

Tá áthas an domhain orainn póstaer Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin Ar Líne 2020 a sheoladh inniu!

Seo chugaibh más ea an 29ú Éigse agus tá togha na n-amhránaithe, na gceoltóirí agus na rinceoirí ag taifeadadh faoi láthair lena n-ealaín a chur os bhur gcomhair ag Ceolchoirm Dhigiteach na hÉigse, mar a bheidh fáilte roimh an uile créatúr, ó chian is ó chóngar, go h-imeachtaí uile na hÉigse, ar líne agus ar raidió, ón 04-06 Nollag, 2020.

Bígí ár leanúint ar na meáin shóisialta mar a bheidh blaisíní á gcur inairde againn sna seachtainí idir seo agus Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin 2020. Pups san airde!

We’re absolutely delighted to launch today the poster for Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin Ar Líne 2020 being the 29th annual festival in celebration of the life and singing of Diarmuid O Súilleabháin.

The Éigse will be on this year, on-line and on radio, over the weekend of 04-06 December 2020. We welcome you as our on-line audience, to join our wonderful singers, musicians and dancers for an incredibly special Éigse Digital Concert going out on-line on Saturday evening at 21:00. 

Follow us on social media in the coming weeks for updates and previews of what’s to come at Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin 2020.

Pups san airde!

An 29ú ÉIGSE – 05-06 Nollaig 2020. #ÉIGSE20

Reáchtálfar Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin ‘Ar Líne’ 2020 i mbliana ó Ghaeltacht Mhúscraí, Co. Chorcaí, ar an Satharn 05 agus ar an Domhnach 06 Nollaig, 2020.

Beidh sé seo ar an naoú Éigse ar fhichead a dhéanfaidh ceiliúradh ceolmhar ar shaol agus ar amhránaíocht Dhiarmuda Uí Shúilleabháin, an t-amhránaí ó Chúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí a cailleadh sa bhliain 1991. Bhí cáil agus meas ar Dhiarmuidín as feabhas a chuid amhránaíochta agus as an sárchumas a bhí ann a leagan féin a dhéanamh d’amhráin. Bhí cáil náisiúnta air as an repertoire amhrán a bhí aige, amhráin agus stíl amhránaíochta a tháinig ó chroí thraidisiún amhránaíochta Mhúscraí agus ó thar teorainn aniar ó pharóiste Chill Garbháin i gCo. Chiarraí – stór amhrán i nGaeilge, i mBéarla agus amhráin mhacarónacha.

Gach bliain ó 1992 tagann amhránaithe, ceoltóirí agus daoine le dúil acu san amhránaíocht agus sa cheol Gaelach le chéile as gach cearn den tír, agus ó thar lear, chun sult a bhaint as an amhránaíocht agus as an gceol dúchais i dteannta a chéile, ar stáitse agus i measc an phobail i Múscraí. 

I mbliana toisc na srianta ar thaisteal agus ar theacht le chéile orainn go léir ag éirí as Covid-19, ní bheidh ‘gnáth’ Éigse againn is baolach, ach beidh an 29ú Éigse againn ar líne, rud a fhágfaidh deis againn Éigse speisialta a eagrú agus a cheiliúradh an bhliain seo chugainn – an 30ú Éigse, sa bhliain 2021.

Is í Doireann Ní Ghlacáin a bheidh i bhfeidhil arís i mbliana ar an gCeolchoirm Dhigiteach a chraolfar ar an Satharn 05 Nollaig ó 21:00 go 22:30 ar-líne. Beidh Aifreann Sheáin Uí Riada le Cór Chúil Aodha á chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta (ar an raidió ar 94.4 FM agus ar-líne ar https://www.rte.ie/rnag) ar maidin Dé Domhnaigh agus go gairid ina dhiaidh leanfaidh an Éigse ar-líne ar aghaidh le hábhar ceolmhar ó Cheadail (Recitals) éagsúla na hÉigse a taifeadadh le blianta beaga anuas, roghnaithe as Cartlann Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin.

Beidh gach eolas ar fáil ar shuíomh na hÉigse www.eigse.ie faoin gceolchoirm dhigiteach agus faoi na himeachtaí eile a bheidh ar siúl ar-líne mar chuid den 29ú Éigse. 

Bígí ár leanúint ar na meáin shóisialta sna seachtainí atá romhainn mar a bheidh eolas ar scoth na n-amhránaithe agus ar thogha na gceoltóirí a bheidh againn don gceolchoirm mhór ar an Satharn 05 Nollaig @ 21:00-22:30 ar-líne.

Beidh fáilte is fiche romhaibh ó chian is ó chóngar, ar-líne, go Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin 2020.

https://twitter.com/eigse / #ÉIGSE20

https://www.facebook.com/eigse/

https://youtube.com/user/EigseDiarmuidin

Fáiltítear roimh fhiosrúcháin go dtí Rúnaí Choiste Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin: Cormac Ó hAodha  087 7812115 nó eolas@eigse.ie


Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin will go ahead again this year on-line from the Múscraí Gaeltacht of Co. Cork on Saturday 05 and Sunday 06 December 2020.

This will be the twenty-ninth annual music festival and commemoration of the life and singing of the singer Diarmuid Ó Súilleabháin from Cúil Aodha in the Múscraí Gaeltacht who died in 1991.  Diarmuidín was a highly respected singer, celebrated for his unique ability to make his own of the songs. Recognized both locally and nationally for his extensive repertoire of songs; songs and a style of singing that came straight from the heart of the Múscraí sean nós tradition, as well as from across the county bounds from the parish of Kilgarvan, in Co. Kerry – Diarmuid had a rich store of Irish songs, English songs and bilingual or Macaronic songs.

Every year since 1992 singers, musicians and lovers of the best of Irish traditional singing and music have descended upon the Muscraí Gaeltacht villages of Cúil Aodha and Baile Bhuirne from all over Ireland, and indeed beyond, to enjoy the singing, music and good company.

This year with restrictions on travel and assembly on us all, we are not in a position to have a ‘normal’ 29th Éigse but we are determined to have an Éigse on-line. This will also keep a clear path available to us to have and celebrate a special Éigse next year, a 30th Éigse, in 2021.

Doireann Ní Ghlacáin will again perform the duties of Bean an Tí for the Digital Concert which will be broadcast on-line at 21:00 – 22:30 on Saturday 05 December. On Sunday morning the Seán Ó Riada mass will be broadcast live from the church in Cúil Aodha on RTÉ Raidió na Gaeltachta (94.4 FM on radio or on-line at https://www.rte.ie/rnag). The Éigse will continue with another on-line event at 12:00. 

Éigse Recitals from the atmospheric Old Protestant Church building at Saint Gobnait’s cemetery in Baile Bhuirne have become a much-loved feature of the festival.  Specially selected material from the Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin Archive of these Recitals in recent years will make up this event on Sunday 06 December which will go out on-line at midday.

All information and links to the gala on-line concert and other on-line events of this Éigse will be posted on the festival website www.eigse.ie. Follow us on social media in the coming weeks as we post regular updates and information on the fantastic singers and musicians lined up for our digital concert.

A warm welcome awaits you on-line at Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin 2020.

https://twitter.com/eigse

https://www.facebook.com/eigse/

https://youtube.com/user/EigseDiarmuidin

Enquiries should be directed to Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin committee secretary: Cormac Ó hAodha  087 7812115 or eolas@eigse.ie

Fógra / Ceardlanna Amhránaíochta & Ceoil #Éigse19

Tá na háiteanna á líonadh do na ceardlanna amhránaíochta agus ceoil ach tá clárú fós oscailte!

Táille: Duine amháin =€20
Táillí i gcás páiste ón dteaghlach céanna: X 2 = €35; X 3 = €50; x 4 = €60


Brostaígí agus cláraígí aon lá suas go dtí an lá féin, tar ar an lá féin fiú ach déan teagmháil le bhur dtoil gan mhoill le Síle ag 026 45733

Treasa Ní Mhiolláin – Amhránaíocht i nGaeilge / Irish language singing
Rita Gallagher – Amhránaíocht i mBéarla / English language singing
Cein Sweeney – Feadóg Mhór / Flute
Caitlín Nic Gabhann – Consairtín / Concertina
Dylan Carlos – Fidil / Fiddle
Leonard Barry – Píb Uilleann / Uilleann Pipes
Conor Connolly – Bosca Ceoil / Accordion
Breandán Seoighe – Rince / Dance