CUIMHNÍ CINN MHUINTIR SHÚILLEABHÁIN

Bhí oscailt #ÉIGSE18 an-speisialta mar is iad deirfiúracha agus deartháireacha Dhiarmuda a bhí sa lárchéim don oíche.

Roinn Eilís, Nóirín, Máirín, Danny agus Eoiní cuid dá gcuimhní cinn ar a ndeartháir, Diarmuid, i gcomhrá le Seán Ó Liatháin, buan-chara le Diarmuidín é féin.

Beidh an spórt agus an cibeal go léir, an ceol agus na hamhráin a bhí ag #ÉIGSE18 inár gcuimhne go buan…. go hairithe oiche Dé hAoine.

Go raibh míle maith agaibh go léir

Tá Coiste na hÉigse ana-bhuíoch as na hamhránaithe, na ceoltóirí, rinceoirí agus lucht éisteachta agus féachana go léir a bhí inár dteannta. Chuir sibh go léir rath ar ÉIGSE2018, na ceardlanna, na seisiúin cheoil agus an ceolchoirm ar an Satharn agus an recital agus an amhránaíocht ar an Domhnach.

Thar ceann Choiste Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin, go raibh míle maith agaibh go léir agus feicfimid sibh le cúnamh Dé ag #ÉIGSE19

An 27ú ÉIGSE i gcuimhne Dhiarmuid Uí Shúilleabháin

Cuirfear tús le hÉigse na bliana seo ar an Aoine mar is gnáth, an 30ú Samhain, in Áras Éamon Mac Suibhne i gCúil Aodha ar a 8.30 i.n.

Táimíd ag súil le trí lá taithneamhacha spórtúla a bheidh lán de cheol , d’amhránaíocht, de rince agus de spraoi .

Beidh oscailt na bliana seo an-speisialta mar is iad deirfiúracha agus deartháireacha Dhiarmuda a bheidh sa lárchéim don oíche.

Roinnfidh Eilís, Nóirín, Máirín, Danny agus Eoiní cuid dá gcuimhní cinn ar a ndeartháir, Diarmuid, i gcomhrá le Seán Ó Liatháin, buan-chara le Diarmuidín é féin.

Cuirfear tús le CUIMHNÍ CINN MHUINTIR SHÚILLEABHÁIN ag a 9.00 i.n. agus beidh fíon is cáis ar fáil mar is gnáth.

Tá súil againn go mbuailfidh sibh go léir chugainn i Múscraí mar a mbeidh na mílte fáilte romhaibh.

Tá Clár na hÉigse ina iomlán ar fáil anseo.

 

 

Ceardlanna Amhránaíochta & Ceoil 2018

Tá liosta de cheardlanna agus múinteoirí Éigse 2018 foilsithe ar líne anseo.

Bíonn an-ghlaoch ar cheardlanna na hÉigse gach bliain, dá bhrí sin, moltar áit a chur in áirithe chomh luath agus is féidir.

Tá na ranganna seo á n-eagrú ag Coiste na hÉigse i gcomhpháirt le hIonad Cultúrtha an Dochtúra Uí Loingsigh agus le Coláiste Ghobnatan, Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí.

Éigse 2018

Beidh Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin ar siúl arís i gCúil Aodha / Baile Mhúirne ón 30ú Samhain go dtí an 2ú Nollaig. Mar is gnáth, táimíd ag súil le trí lá taithneamhacha spórtúla a bheidh lán de cheol , d’amhránaíocht, de rince agus de spraoi. Beidh an t-eolas go léir á chur ar an suíomh do réir a chéile as so amach. Tá súil againn go mbuailfidh sibh go léir chugainn i Múscraí mar a mbeidh na mílte fáilte romhaibh.

Féile amhránaíochrta, rince agus cheoil i gcuimhne Dhiarmuid Uí Shúilleabháin, amhránaí, d’éag 1991. Beidh na himeachtaí ar siúl i gCúil Aodha & Baile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí, Co. Chorcaí ón 30 Samhain go 02 Nollaig 2018.

CEARDLANNA / Workshops
COIRMEACHA CEOIL / Concerts
AMHRÁNAÍOCHT / Singing
RINCE / Dance
LÉACHTAÍ / Lectures
SEISIÚIN CHEOIL / Music Sessions

Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin will be held in Cúil Aodha & Baile Bhuirne in the Múscraí Gaeltacht of Co. Cork from 30 November to 02 December 2018.

FIOSRÚCHÁIN (ENQUIRIES)
Cathaoirleach (Chairperson) 00353 (0)86 8509515
Rúnaí (Secretary) 00353 (0)85 7812115
eolas@eigse.ie

Rannta Nua do Pháistí Óga – New Rhymes for Young Children

Tá gliondar orainn gur tháinig 48 rannta nua chumtha do phásití óga chugainn os na scoileanna i Múscraí agus do roghnaigh Coiste na hÉigse 12 ceann samplach le ceol a chur leo agus tá siad sin seolta chuig na ceoltóirí a bheidh ag teagasc na ceardlanna maidin Dé Sathairn.

Seo sampla de cheann amháin go bhfuil ceol curtha leis ag  Johnny Óg Connolly. Éist leis agus bí ag foghlaim agus bí ullamh chun é a chanadh ag Club-theach  CLG, Áras Abán, Baile Mhúirne ag 3i.n. ar an Sathairn ag an Ceardlann Cumadóireachta. Hup Johnny!

Chuaigh Séimí is an mhuc suas an cnoc 

chun uisce a fháil ón tobar

thuit Séimí anuas ach d’fhan an mhuc thuas

is d’imigh sé leis ar sodar.

We were delighted to receive 48 newly composed rhymes from our local schools. The Éigse Committee selected 12 of the rhymes and sent them to this year’s Éigse musicians who have put music to them.

Here is a sample of one of the rhymes which Johnny Óg Connolly has put music to. Listen to it and start practising so you can sing along at the G.A.A. Club House, Áras Abán, Baile Mhúirne at 3pm on Saturday for the workshop. Hup Johnny!

3 Wonderful Workshops!!

  1. Would you like to learn a song in Irish and sing it with your child?
  2. Would you like to stimulate your child’s interest in music?
  3. Or would you like to learn a few steps in the sean-nós style of dance?

Workshop 1 – Learn songs in Irish with Bernie Pháid (singer on the CD ‘Sicín Mise’). All age groups welcome! Saturday December 2nd 2017. 10:00am – 12:30pm. Coláiste Ghobnatan, Baile Mhúirne.

 

Workshop 2 – Music and rhythm workshop for parents and pre-school children with the UCC Music Department. First steps in music for the pre-school child. Saturday December 2nd 2017. 12:30pm i gColáiste Ghobnatan, Baile Mhúirne. Parents need to attend with toddlers.

Workshop 3 – Sean-Nós dancing with Edwina Guckian – Saturday December 2nd 2017. 10:00am – 12:30pm. Coláiste Ghobnatan, Baile Mhúirne. All age groups and levels welcome! https://edwinaguckian.com/

 

Call 026 453733 or 087 2439776 to book a space or email the Ionad Cultúrtha for more information eolas@ionadculturtha.ie

3 Cheardlann Spéisiúil!!

  1. Ar mhaith leat amhráin a fhoghlaim as Gaeilge agus iad a canadh le do pháiste?
  2. Ar mhaith leat cabhrú le do pháiste spéis a chur sa cheol?
  3. Ar mhaith leat steipeanna nua rince a fhoglaim?

Ceardlann 1 – Amhráin i nGaeilge le Bernie Pháid (amhránaí ar an CD ‘Sicín Mise’) – Fáilte roimh gach aoisghrúpa! Dé Sathairn 2 Nollaig 2017 – 10:00am – 12:30pm i gColáiste Ghobnatan, Baile Mhúirne. 

 

Ceardlann 2 – Ceardlann ceoil agus rithime do thuismitheoirí & páistí réamhscoile i gcomhar le Roinn an Cheoil, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Caithfidh tuismitheoir a bheith leis an bpáiste. Dé Sathairn 2 Nollaig 2017 – 12:30pm i gColáiste Ghobnatan, Baile Mhúirne

Ceardlann 3 – Rince ar an Sean-Nós le Edwina Guckian – Fáilte roimh gach caighdeán agus aoisgrúpa! Dé Sathairn 2 Nollaig 2017. 10:00am – 12:30pm i gColáiste Ghobnatan, Baile Mhúirne.  https://edwinaguckian.com/

 

Glaoigh 026 45733 nó 087 2439776 chun spás a bhocáil. nó seol ríomhphost chuig eolas@ionadculturtha.ie

 

Taispeántas Grianghrafadóireachta / Photographic Exhibition

Cuirfear tús leis an Éigse le Taispeántas Griangrafadóireachta de cheoltóirí, aíonna agus seisiúin ó thús na hÉigse go dáta. Á seoladh ag Dónal de Barra. 8.00in Déardaoin 30.11.17 @ Áras Ábán, Club-theach CLG, Baile Mhúirne.
We kick off this year’s Éigse with a Photographic Exhibition covering 26 years of Éigse memories. Launch by Dónal de Barra. 8.00pm Thursday 30.11.17 @ Áras Ábán, GAA Club House, Baile Mhúirne.
Bígí Linn