Reáchtálfar Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin arís i mbliana i nGaeltacht Mhúscraí, Co. Chorcaí ón Aoine 29 Samhain go dtí an Domhnach 01 Nollaig 2019.

Cuirfear tús le himeachtaí Éigse Dhiarmuidín ar an Aoine 29 Samhain in Áras Éamoin Mhic Shuibhne ag 20:30. Is é Stiúrthóir nua Taisce Cheol Dúchais Éireann (www.itma.ie ), Liam O’Connor, a dhéanfadh an Oscailt Oifigiúil ag 21:00. Beidh sé seo ar an ochtú Éigse is fiche a dhéanfaidh ceiliúradh ceolmhar ar shaol agus ar amhránaíocht Dhiarmuda Uí Shúilleabháin, an t-amhránaí clúiteach ó Chúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí a cailleadh sa bhliain 1991.

Bhí cáil agus meas ar an Súilleabhánach as feabhas agus stíl a chuid amhránaíochta agus an cumas a bhí ann a leagan féin a dhéanamh d’amhráin agus é sin go háirithe i gcás an repertoire amhrán áitiúil Múscraíoch. I measc rudaí éagsúla eile, bhí sé ina mhúinteoir tráth dá shaol agus ina chraoltóir le RTÉ Ráidió na Gaeltachta.

Faigheann daoine ar spéis leo na healaíona dúchais deis a scileanna féin a fheabhsú trí pháirt a ghlacadh i gceardlanna agus i seisiúin atá eagraithe in ionaid agus i dtábhairní i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus is amhlaidh atá clár lán d’imeachtaí eagraithe arís don Éigse i mbliana. Beidh an t-ádh le daltaí amhránaíochta i mbliana mar go mbeidh rogha acu idir dhá mhúinteoir amhránaíochta den chéadscoth. Beidh Rita Gallaghaer ó Na Frosa, Co. Dhún na nGall, i mbun ceardlainne amhránaíochta i mBéarla agus beidh Treasa Ní Mhiolláin, as Árann Mór, Oileáin Árainn, Co. na Gaillimhe, i bhfeidhil ceardlainne amhránaíochta as Gaeilge ar an sean-nós.

Beidh ocht gceardlann ar siúl ar maidin Shatharn ó 10:00 go dtí 12:30 in Ionad Cultúrtha an Dochtúra Uí Loingsigh agus i gColáiste Ghobnatan agus ar na múinteoirí cáiliúla eile a thabharfaidh ceardlanna beidh Caitlín Nic Gabhann ar an gConsairtín, Dylan Carlos ar an bhFidil, beidh Cein Sweeney ar an bhFeadóg Mhór agus Conor Connolly ar an mBosca Ceoil chomh maith le Breandán Seoighe ag tabhairt ranga rince ar an sean nós agus cé go bhfuil cónaí anois air i Sligeach, is as Cill Mhaoile i gCo. Chiarraí don phíobaire cáiliúil Leonard Barry. Téigh díreach i dteagmháil le Síle nó Aoife in Ionad Cultúrtha an Dochtúra Uí Loingsigh chun d’áit a chur in áirithe sa cheardlann is spéis leat ag www.ionadculturtha.ie nó ar ghuthán ag 026 45733. Tá na sonraí ar fad agus nótaí beathaisnéise ar mhúinteoirí na gceardlann ar fáil ar shuíomh na hÉigse féin ag www.eigse.ie .

Sna sála ar na ceardlanna seo cuirfear scannán ar siúl ag 14:00, cead isteach soar in aisce, dar teideal ‘DIARMUIDÍN’ agus beidh Peter Carr, Stiúrthóir an scannáin i láthair.

Beidh scoth an cheoil, na hamhránaíochta agus na rince le clos agus le feiscint ar fud Mhúscraí i gcaitheamh dheireadh seachtaine na hÉigse in ionaid agus i dtábhairní na háite. Um thráthnóna Dé Sathairn, i mBarr an Chuma, an tábhairne is airde in Éirinn, beidh an grúpa bríomhar ‘Out The Gap’ ag seinnt ó 15:30 go 17:30. 

Ar 20:00 ar an Satharn 30 Samhain, ‘sí Doireann Ní Ghlacáin a bheidh ina Bean an Tí ar an gceolchoirm mhór a bheidh ar siúl in Áras Éamoin Mhic Shuibhne i gCúil Aodha. I dteannta na gceoltóirí agus na n-amhránaithe a bheidh i mbun na gceardlann beidh an grúpa ‘Out The Gap’ tagtha anuas ó bheith ag seinmt i mBarr an Chuma, beidh Máire Ní Choilm, a bhuaigh Corn Uí Riada ag Oireachtas na Samhna le déanaí. Ní mian leis an Éigse nós seanbhunaithe a bhriseadh dá bhrí sin cuirfear clabhsúr ceolmhar leis an gceolchoirm, don ochtú bliain is fiche i ndiaidh a chéile, le cúpla amhrán ó Chór Chúil Aodha.

Beidh rogha arís ag éinne ná beidh a ndóthain faighte acu dul go seisiún ceoil le Richard Lucey agus a chairde ag 23:00 in Óstan Ghobnatan i mBaile Bhuirne nó go dtí An Muileann ag 23:00 mar a bheidh an t-amhránaí áitiúil aitheanta Eoiní Maidhcí Ó Súilleabháin ag cur tús le Cruinniú na nAmhránaithe.

Déanfar ceiliúradh ar Aifreann na hÉigse i Séipéal Ghobnatan i gCúil Aodha agus is é Cór Chúil Aodha a chanfaidh ann faoi stiúir Pheadair Uí Riada. Craolfar an t-aifreann seo beo ar RTÉ Ráidió na Gaeltachta (www.rte.ie/rnag/).

Bí i láthair sa Sean-Teampall i Reilig Ghobnatan ag 11:30 do Cheadal Ceoil (Music Recital) na hÉigse. Ócáid speisialta i gcónaí ag an Éigse í seo agus is iad Leonard Barry ar na píoba agus Caitlín Nic Gabhann ar an gconsairtín a bheidh ag seinnt. Bíonn slua breá ag súil go mór leis an ócáid seo a bhíonn éagsúil draíochtúil sa tsean-teampall – ná dearúd do gheansaí mór agus do lámhainní a bheith ort – ócáid lán le atmaisféar í seo gach bliain.

Más sa tóir ar cheol Shliabh Luachra ataoi is in Óstán Ghobnatan a thiocfaidh tú air i gcomhluadar Jimmy Doyle agus a chairde a thosnóidh ag 15:00 agus más seisiún amhránaíochta is mian leat, gluais siar trí Chúil Aodha arís inairde go Barr an Chuma, an tábhairne is airde in Éirinn, le bheith páirteach ó 15:30 ar aghaidh i dTráthnóna Amhránaíochta na hÉigse – beidh scoth na n-amhránaithe i láthair le Eilís Uí Thuama mar Bhean an Tí. Ar na hamhránaithe a bheidh i láthair beidh Danny Maidhcí Ó Súilleabháin; Deirdre Ní Cheallaigh; Eoiní Maidhcí Ó Súilleabháin; Máire Ní Chéilleachair; Cormac Ó hAodha; Diarmuid Ó Meachair; Máirín Uí Lionáird; Hammy Hamilton; Donncha O’Connell; Concubhar Ó Luasa; Danielle Ní Chéilleachair; Eilís Ní Shúilleabháin agus mórán amhránaithe eile.

Pé saghas nó leibhéal spéise atá agat in amhránaíocht agus i gceol traidisiúnta, seoid ar leith is ea Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin i measc féilte na bliana le 27 bliain anus – bí linn don 28ú ceann! 

Beidh fáilte agus fiche romhat ag an Éigse.

Tá fáil ar shonraí uile na hÉigse, an Póstaer agus an Clár féin le léamh, nó le híoslódáil, ach dul go dtí suíomh na hÉigse ag www.eigse.ie nó dein teagmháil le Rúnaí na hÉigse Cormac Ó hAodha; 085 7812115;  eolas@eigse.ie 

CUIMHNÍ CINN MHUINTIR SHÚILLEABHÁIN

Bhí oscailt #ÉIGSE18 an-speisialta mar is iad deirfiúracha agus deartháireacha Dhiarmuda a bhí sa lárchéim don oíche.

Roinn Eilís, Nóirín, Máirín, Danny agus Eoiní cuid dá gcuimhní cinn ar a ndeartháir, Diarmuid, i gcomhrá le Seán Ó Liatháin, buan-chara le Diarmuidín é féin.

Beidh an spórt agus an cibeal go léir, an ceol agus na hamhráin a bhí ag #ÉIGSE18 inár gcuimhne go buan…. go hairithe oiche Dé hAoine.

Go raibh míle maith agaibh go léir

Tá Coiste na hÉigse ana-bhuíoch as na hamhránaithe, na ceoltóirí, rinceoirí agus lucht éisteachta agus féachana go léir a bhí inár dteannta. Chuir sibh go léir rath ar ÉIGSE2018, na ceardlanna, na seisiúin cheoil agus an ceolchoirm ar an Satharn agus an recital agus an amhránaíocht ar an Domhnach.

Thar ceann Choiste Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin, go raibh míle maith agaibh go léir agus feicfimid sibh le cúnamh Dé ag #ÉIGSE19

An 27ú ÉIGSE i gcuimhne Dhiarmuid Uí Shúilleabháin

Cuirfear tús le hÉigse na bliana seo ar an Aoine mar is gnáth, an 30ú Samhain, in Áras Éamon Mac Suibhne i gCúil Aodha ar a 8.30 i.n.

Táimíd ag súil le trí lá taithneamhacha spórtúla a bheidh lán de cheol , d’amhránaíocht, de rince agus de spraoi .

Beidh oscailt na bliana seo an-speisialta mar is iad deirfiúracha agus deartháireacha Dhiarmuda a bheidh sa lárchéim don oíche.

Roinnfidh Eilís, Nóirín, Máirín, Danny agus Eoiní cuid dá gcuimhní cinn ar a ndeartháir, Diarmuid, i gcomhrá le Seán Ó Liatháin, buan-chara le Diarmuidín é féin.

Cuirfear tús le CUIMHNÍ CINN MHUINTIR SHÚILLEABHÁIN ag a 9.00 i.n. agus beidh fíon is cáis ar fáil mar is gnáth.

Tá súil againn go mbuailfidh sibh go léir chugainn i Múscraí mar a mbeidh na mílte fáilte romhaibh.

Tá Clár na hÉigse ina iomlán ar fáil anseo.

 

 

Ceardlanna Amhránaíochta & Ceoil 2018

Tá liosta de cheardlanna agus múinteoirí Éigse 2018 foilsithe ar líne anseo.

Bíonn an-ghlaoch ar cheardlanna na hÉigse gach bliain, dá bhrí sin, moltar áit a chur in áirithe chomh luath agus is féidir.

Tá na ranganna seo á n-eagrú ag Coiste na hÉigse i gcomhpháirt le hIonad Cultúrtha an Dochtúra Uí Loingsigh agus le Coláiste Ghobnatan, Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí.

Éigse 2018

Beidh Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin ar siúl arís i gCúil Aodha / Baile Mhúirne ón 30ú Samhain go dtí an 2ú Nollaig. Mar is gnáth, táimíd ag súil le trí lá taithneamhacha spórtúla a bheidh lán de cheol , d’amhránaíocht, de rince agus de spraoi. Beidh an t-eolas go léir á chur ar an suíomh do réir a chéile as so amach. Tá súil againn go mbuailfidh sibh go léir chugainn i Múscraí mar a mbeidh na mílte fáilte romhaibh.

Féile amhránaíochrta, rince agus cheoil i gcuimhne Dhiarmuid Uí Shúilleabháin, amhránaí, d’éag 1991. Beidh na himeachtaí ar siúl i gCúil Aodha & Baile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí, Co. Chorcaí ón 30 Samhain go 02 Nollaig 2018.

CEARDLANNA / Workshops
COIRMEACHA CEOIL / Concerts
AMHRÁNAÍOCHT / Singing
RINCE / Dance
LÉACHTAÍ / Lectures
SEISIÚIN CHEOIL / Music Sessions

Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin will be held in Cúil Aodha & Baile Bhuirne in the Múscraí Gaeltacht of Co. Cork from 30 November to 02 December 2018.

FIOSRÚCHÁIN (ENQUIRIES)
Cathaoirleach (Chairperson) 00353 (0)86 8509515
Rúnaí (Secretary) 00353 (0)85 7812115
eolas@eigse.ie

Rannta Nua do Pháistí Óga – New Rhymes for Young Children

Tá gliondar orainn gur tháinig 48 rannta nua chumtha do phásití óga chugainn os na scoileanna i Múscraí agus do roghnaigh Coiste na hÉigse 12 ceann samplach le ceol a chur leo agus tá siad sin seolta chuig na ceoltóirí a bheidh ag teagasc na ceardlanna maidin Dé Sathairn.

Seo sampla de cheann amháin go bhfuil ceol curtha leis ag  Johnny Óg Connolly. Éist leis agus bí ag foghlaim agus bí ullamh chun é a chanadh ag Club-theach  CLG, Áras Abán, Baile Mhúirne ag 3i.n. ar an Sathairn ag an Ceardlann Cumadóireachta. Hup Johnny!

Chuaigh Séimí is an mhuc suas an cnoc 

chun uisce a fháil ón tobar

thuit Séimí anuas ach d’fhan an mhuc thuas

is d’imigh sé leis ar sodar.

We were delighted to receive 48 newly composed rhymes from our local schools. The Éigse Committee selected 12 of the rhymes and sent them to this year’s Éigse musicians who have put music to them.

Here is a sample of one of the rhymes which Johnny Óg Connolly has put music to. Listen to it and start practising so you can sing along at the G.A.A. Club House, Áras Abán, Baile Mhúirne at 3pm on Saturday for the workshop. Hup Johnny!