Buiochas ó chroí le gach éinne a bhí bainteach le hEigse 2023


Ba mhaith le Coiste na hÉigse buiochas ó chroí a ghabháil le gach éinne a bhí bainteach le hEigse 2023, na ceoltóirí, na hamránaithe, na rinceoirí, na cainteoirí, na cuairteóirí, ár nurraithe agus iad siúd ach go háirithe a chabhraigh linn le linn na deireadh seachtaine.


Bhí Éigse iontach, aoibhinn againn imbliana a choimeadfaidh sa tsúil sinn go dtí an bhliain seo chugainn. Gach ráth agus ádh oraibh uilig.

Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin 2023

Reachtálfar Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin imbliana I nGaeltacht Mhúscraí ón Aoine 1ú Nollaig go dtí an Domhnach 3ú Nollaig, 32 bliain ó cailleadh é go tragóideach i 1991.

Bhí cáil agus meas ar Dhiarmuidín as feabhas agus stíl a chuid amhránaíochta agus an cumas a bhí ann a leagan féin a dhéanamh d’amhráin agus go háirithe a repertoire d’amhráin áitiúlaó Mhuscraí. Bhí Diarmuidin ag obair mar mhúinteóir tráth agus chaith sé cuid mhaith dá shaol mar chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tagann amhránaithe, ceoltóirí agus mórchuid cuairteóirí, le chéile gach bliain as gach ceann den tír chun an amhránaíocht agus an ceol traidisiúnta a chleachtadh le Muintir Mhúscraí.

Aoine 1ú Nollaig.


‘Sé Tomás Ó Sé peileadóir, múinteoir agus craoltóir a dheanfaidh an oscailt oifigiúil oíche dé hAoine. Ina dhiaidh san beidh taispeántas againn ó dhaltaí scoile ag baint leis an tionscnamh “Lorg na mBan” I gomhphairtíocht le Scéim Amhránaíochta Aisling Gheal. Tionscnamh a thugann tús áite do scriobhnóirí agus amhránaithe baineann an cheanntair. Beidh “Ensemble Mhúscraí” linn, ceolfhoireann Ceoltóirí thraidisiúnta faoi stiúr Paul Clesham agus ina dhiadh san seolfar dlúthdhiosca Conor Arkins agus Paul CleshamThe Morning Thrush”. Criochnóidh an oíche le seisiún ceoil sa Mhuileann.

Satharn 2ú Nollaig.


Tósnóidh na himeachtaí go luath le siúlóid Cuimhneacháin Síle Ní Shúilleabhain ( deirfiúr le Diarmuidín). Tósnóidh an siulóid ó chlos Bárr a’ Chuma ar 9.30.

Beidh ocht gceardlann ar siúl an maidin céanna, ó 10.00-12.30, I gColáiste Ghobnatan agus Ionad Cultúrtha Dochtúir O Loingsigh – Amhránaíocht I nGaoluinn le Nell Ni Chróinin, Amhránaíocht I mBéarla le Micheál Ó Sé, Feadóg Stáin le Mary Bergin, Fidil le Jacqui Martin, Guitar le Jim Murray, Bosca Ceoil le Derek Hickey, Consairtín le Paul Clesham agus Rinnce Seite le John Lynch. Breis eolais futhú seo ó Liadh agus Síle in Ionad Cultúrtha Dochtúir Ó Loingsigh www.ionadculturtha.ie , 026 45733.

Tar éis lóin beidh léacht againn san Ionad Cultúrtha le Tríona Ní Shíocháin dár dteideal “Oidhreacht na mBan I gceanntar Mhúscraí”.

Bíonn ana thráthnona ceoil againn tráthnóna dé Sathairn agus sin mar a bheidh arís imbliana, ar dtús I mBárr a’Chuma le Niall Byrne agus Muintir na Roinne agus ina dhiaidh san I dTigh Tabhairne Ui Scannaill le Shane Creed agus a chairde.

Beidh Ocáid mór na deireadh Seachtaine “Coirmcheoil na hÉigse” ar siúl in Áras Éamonn Mac Suibhne oíche dé Sathairn. ‘Sí Muireann Ní Dhuigneáin a bheidh ina Bean A Tí agus I dteannta leosan a bhí I bhfeighil na gceardlanna ar maidin beidh Máire agus Conall Ó Gráda, Piaras Ó Lorcáin, John Kelly, Peadar Ó Riada, Éamonn Mac Givney agus gan dabht Cór Chúil Aodha.

Beidh Amhránaíocht sa Mhuileann ina dhiaidh le Máire Ni Chéilleachair mar Bhean a Ti agus seisiún ceoil in Óstán Ghobnatan chomh maith.

Domhnach 3ú Nollaig.


Ar an nDomhnach ar a 11.00 ó Séipéal Chuil Aodha craolfaidh RnaG aifreann na hÉigse le Cór Chúil Aodha á stiúriú ag Peadar Ó Riada.

Bíonn ócáid speisialta igcónaí san Teampall I Reilig Ghobnatan agus ní haon eisceacht imbliana- Ceadal na hÉigse le Máire agus Conall ó Gráda agus Piaras Ó Lorcáin.

Beidh Éigse Amhránaíochta na nÓg á rith ag Scéim Amhránaiochta Aisling Gheal in Óstan Ghobnatan san iarnóin.

Beidh scoth an cheoil againn don tráthnóna le Muintir Shliabh Luachra in Óstán Ghobnatan agus déanfar bronnadh speisialta ar Mhuintir Dhúill I gcuimhne cara mór na hÉigse Jimmy Doyle.

Críochnófar an Éigse le féasta amhránaíochta sa tráthnóna I mBárr a’Chuma faoi stiúir Eibhlis Ui Thuama.

Má tá árdú croí uait agus ceol agus amhránaíocht dén scoth bí linn I nGaeltacht Mhúscraí d’Éigse 2023.

Breis eolais agus clár iomlán na deireadh seachtaine ar fáil ar suíomh www.eigse.ie Cathal Ó Riada 086 850951, eolas@eigse.ie

Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin will take place this year as usual in the Múscraí Gaeltacht over the weekend of Friday the 1st until Sunday the 3 rd of December.

Diarmuidín was very well known for his unique singing style and his versions of many renowned songs from the Múscraí Gaeltacht area. He was among other things a Teacher and a journalist with Raidió na Gaeltachta. Singers ,musicians and people who enjoy traditional singing and music come from all over the country to celebrate the unique culture of the Múscraí area.

Friday the 1 st December

Tomás Ó Sé the well known football player, teacher and journalist will open the Éigse officially on the Friday night. Afterwards we will have a presentation on “Lorg na mBan”, celebrating the contribution of women poets and singers from the area. This is in collaboration with the Primary Schools and Scéim Amhránaíochta Aisling Gheal. This will be followed by music from “Ensemble Mhuscraí” a Traditional Music Orchestra under the guidance of Paul Clesham. We will finish the night in the Hall with a CD launch of Conor Arkins and Paul Clesham’s new cd “The Morning Thrush”. The night will finish with a session in the Mills Inn.

Saturday the 2nd of December

We will have an early start again this year with Siúlóid Cuimhneacháin Síle Ní Shúilleabháin, at 9.30a.m, starting off at the carpark in the Top of Coom.
As usual we will have eight workshops this year with eight wonderful singers, musicians and indeed dancers in Coláiste Ghobnatan and Ionad Cultúrtha Dochtúir Ó Loingsigh – from 10.00a.m to 12.30 pm:

  • Sean Nós Singing with Nell Ní Chróinín.
  • English Singing with Micheál Ó Sé.
  • Tin whistle with Mary Bergin.
  • Guitar with Jim Murray.
  • Fiddle with Jacqui Martin.
  • Accordion with Derek Hickey.
  • Set Dancing with John Lynch.
  • Concertina with Paul Clesham.

For further information contact Liadh or Síle at Ionad Cultúrtha Dochtúir Ó Loingsigh www.ionadculturtha.ie , 026 45733.

After lunch there will be a lecture in the Ionad Cultúrtha with well known lecturer Tríona Ní Shíocháin. In keeping with the theme of celebrating the legacy of female poets and singers of Múscraí she will give a lecture titled “Oidhreacht na mBan I gceanntar Mhúscraí”.

There will be a busy evening of music after that, starting with Niall Byrne and friends from Waterford in the Top of Coom pub and afterwards with Shane Creed and friends in Scannells bar in the village.


Our gala concert hosted by Muireann Ní Dhuigneáin, will take place in Áras Éamonn Mac Suibhne at 8.00p.m that evening. All the tutors who taught workshops earlier will take part along with Máire and Conall Ó Grada, Piaras Ó Lorcain, John Kelly, Éamonn McGivney, Peadar Ó Riada and Cór Chúil Aodha.

Afterwards there will be a singing session in the Mills Inn with Máire Ni Chéilleachair as Bean a’ Tí and a music session in the Abbey.

Sunday 3 rd December


On Sunday mass will be celebrated live on Raidió na Gaeltachta with Cór Chúil Aodha under the guidance of Peadar Ó Riada.

The Recital in the Old Church in Reilig Ghobnatan is always a very special event and will be again this year, Performing will be brother and sister duo Máire Ni Ghráda on uileann pipes and Conall Ó Grada on flute and joining them will be Armagh singer Piaras Ó Lorcáin.


Éigse Amhránaíochta na nÓg will take place in the Abbey Hotel at lunch time, this is a very important fundraising event for Scéim Amhránaiochta Aisling Gheal.

We are delighted that our friends from Sliabh Luachra will be playing music in the Abbey in the afternoon and we will be making a special presentation to Jimmy Doyle’s family in recognition of his great support of Éigse Diarmuidin since it began in 1992.

We will finish the weekend with an evening of singing in the Top of Coom with Eibhlís Uí Thuama as Bean a’ Tí.


So to nourish your soul and the opportunity to be with great musical company join us in the Muscraí Gaeltacht for Éigse Diarmuidín 2023.


More information and the full programme of events available on Éigse website www.eigse.ie. Cathal Ó Riada 086 8509515, cathaloriada@outlook.com

Éigse 2023

Tá Éigse 2023 nach mór linn agus tá an-áthas orainn go bhfuil ár gclár ullamh le fógairt. Táimid ag súil go mór le deireadh seachtaine den scoth le ceol, amhránaíocht, craic agus dea chomhluadar.

Is obair ealaíonta ionta fhéin iad na postaeir agus is fiú go mór ceann acu a choimead mar chuimhneachán na deireadh seachtaine.

Coirmcheoil na hÉigse 2023

Is féidir ticéid a cheannach ar líne anois do cheolchoirm na bliana seo. Beidh ticéid ar fáil ag an doras mar is gnách chomh maith.

20.00 Coirmcheoil na hÉigse 2023- Gala Concert.

Áras Éamonn Mac Suibhne – Cúil Aodha

Bean an Tí: Muireann Ní Dhuigneàin.

Mary Bergin, Nell Ní Chroinín, Paul Clesham, Micheál Ó Sé,Jim Murray, Máire agus Conall Ó Gráda, Piaras Ó Lorcáin, Seit le John Lynch,Derek Hickey, Jacqui Martin,Buaiteóir Corn Uí Riada, John Kelly, Éamonn McGivney agus Peadar Ó Riada, Cór Chúil Aodha.

Ceardlanna Éigse 2023

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil clárú do cheardlanna Amhránaíochta & Ceoil na bliana seo oscailte anois. Is feidir clárú suas go dtí an lá féin, agus ar an lá féin fiú, ach bíonn éileamh i gcónaí ar áiteanna mar sin cláraigh go luath más féidir.

Delighted to announce our workshop lineup for this year and that registration for this year’s music and singing workshops is now open. You can register up and including the day itself but it’s recommended to register in advance as places are limited.

02 Nollaig, 2023
10.00 - 12.30  Ceardlanna Amhránaíochta agus Ceoil na hÉigse.
SINGING AND MUSIC WORKSHOPS.
Ionad Cultúrtha  Dochtúir Ó Loingsigh agus Coláiste Ghobnatan
Mary Bergin - Feadóg Stáin / Tin whistle.

Derek Hickey - Bosca Ceoil / Accordion.

Micheal Ó Sé -  Amhránaíocht I mBéarla / English Language singing.

Nell Ni Chroiní - Amhránaíocht I nGaeilge / Irish Language singing. 

Paul Clesham - Consairtín / Concertina.

Jackie Martin - Fidil / Fiddle.

Jim Murray - Giotár / Guitar.

John Lynch - Rinnce Seit / Set Dancing.

Déan teagmháil le bhur dtoil len / For registration please contact
Ionad Cultúrtha ag 026 45733 nó eolas@ionadculturtha.ie.   

Táille: Duine amháin =€20
Táillí i gcás páiste ón dteaghlach céanna: X 2 = €35; X 3 = €50; x 4 = €60

20 amhrán ó cheantar Mhúscraí ón sár-amhránaí Diarmuid Ó Súilleabháin

Is féidir leat an t-albam a cheannach ar líne anseo ar Éigse.ie nó a shruthú ar gach príomhshuíomh sruthaithe i.e. Spotify, Youtube Music, Apple Music srl

You can buy the album online or stream on all main streaming sites including Spotify, Youtube Music, Apple Music etc

Tuilleadh Eolais / More info – Diarmuidín – The Album

  1. Bruach na Carraige Báine
  2. An Gamhnaichín
  3. Aisling Gheal
  4. A Rí an Domhnaigh
  5. Cuisle Mo Chroí
  6. Marysheen went to Bonán
  7. An Pósadh a bhí i gCána
  8. Baile Bhuirne
  9. An Snáithín Céireach
  10. Tuireamh Mhic Fhinín Duibh
  11. Amhrán Pheaid Bhuí
  12. Carraig Aonair
  13. My Pup Came home from Claedach
  14. Réidh Chnoc Mná Duibhe
  15. McAlpines Crew
  16. Máire Ní Laoghaire
  17. An Cailín Aerach
  18. Abha an tSuláin
  19. Cath Chéim an Fhia
  20. Glanlea

An Cailín Aerach & Carraig Aonair – Éigse 2022

Bhí oíche dhraíochtúil ag oscailte na hÉigse 2022 nuair a dheannamar ceiliúradh ar eisiúint albaim de chuid Diarmuid Ó Súilleabháin “Diarmuidín.”

Thóg amhránaithe áitiúla an stáitse chun rogha amhrán ón albam a chanadh, ina measc leanaí cumasacha ón ‘Scéim Amhránaíochta Aisling Gheal’ a chuir an lucht féachana faoi gheasa le ‘An Cailín Aerach’ agus ‘Carraig Aonair’.

Relive the magic of the 2022 Éigse opening night where we celebrated the release of Diarmuid Ó Súilleabháin’s posthumous album ‘Diarmuidín’. In December of 2022, local singers took the stage to perform a selection of songs from the album, including talented children from the ‘Scéim Amhránaíochta Aisling Gheal’ who enchanted the audience with their performance of ‘An Cailín Aerach’ and ‘Carraig Aonair’.

Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin 2022 ón 2ú go go dtí 4ú Nollaig.

Beidh Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabhain ag ceiliúradh 30 bliain ó bhunaigh a Mhuintir agus a Chairde an chéad Éigse ag tús na Nollag 1992,bliain tar éis dó bheith caillte go tragóideach I 1991. Beidh sé ar siúl mar is gnáth I nGaeltacht Mhúscraí ón Aoine 2ú lá go dtí an Domhnach an 4ú lá de mhí na Nollag.

Bhí cáil agus meas ar Dhiarmuidín as feabhas agus stíl a chuid amhránaíochta agus an cumas a bhí ann a leagan féin a dhéanamh d’amhráin agus go háirithe a repertoire d’amhráin aitiúla Múscraíoch. Bhíodh Diarmuidín ag obair mar mhúinteóir tráth agus ba chraoltóir é le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tagann amhránaithe, ceoltoirí agus mórchuid cuairteóirí, le chéile gach bliain as gach ceann den tír chun an amhránaíocht agus an ceol traidisiúnta a chleachtadh I dteannta le Muintir Mhúscraí.

‘S é Seán Potts craoltóir agus piobaire aitheanta a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil oiche dé hAoine.

Ina dhaidh san seolfaidh dlúth chara le Diarmuid an dlúthdhiosca “Diarmuidín” curtha le chéile ag Coiste na hÉigse. Beidh 20 rian ar an ndlúthdhiosca ina measc rianta le Diarmuid nach bhfuil eisithe cheana leithéidí, Cath Chéim an Fhia, Reidh Chnoc Mná Duibhe agus McAlpines Crew. Canfaidh aíonna éagsúla rianta ón ndlúthdhiosca.

Críochnóidh an oíche le seisiún ceoil sa Mhuileann.

Beidh tús luath leis na himeachtaí maidin Dé Sathairn le Siúlóid Cuimhneacháin Síle Ni Shúilleabháin (deirfiúr le Diarmuidín. Tosnóidh an siúlóid ó chlos Bárr a Chuma ar 9.30 r.n.

Beidh ocht gCeardlann ar siúl an mhaidin céanna, ó 10.00-12.30, I gColáiste Ghobnatan agus Ionad Cultútrtha Dochtúir Ó Loiungsigh

Amhránaíocht I nGaoluinn le Lillis Ó Laoire,
Amhránaíocht I mBéarla le Cathy Jordan,
Fidil le Sorcha Costello,
Consairtín le Mary MacNamara,
Rince le Edel Ni Churraoin,
Bosca Ceoil le Diarmuid Ó Meachair,
Feadóg Mhór le Brian O Loughlin
Bouzouki le Libby McCrohan.

Breis eolais futhú seo ó Liadh agus Síle in Ionad Cultúrtha Dochtúir Ó Loingsigh www.ionadculturtha.ie, 026 45733.

Tar éis lóin beidh léacht againn leis an leachtóir agus údar Dáibhí Ó Cróinin “The Songs Of Elizabeth Cronin, 20 Bliain ag Fás” san Ionad Cultúrtha. Ba chomhair go mbeadh tráthnóna brea ceoil againn ina dhiaidh san, ar dtús I mBárr a’Chuma le Muintir Mheachair agus ina dhiaidh I dTigh Tabhairne Ui Scannaill le Shane Creed agus a chairde.

Beidh ócáid mhór na deireadh seachtaine Coirmcheoil na hÉigse ar siúl in Áras Éamonn Mac Suibhne oíche Dé Sathairn. ‘Sí Doireann Ní Ghlacáin a bheidh ina Bean a Tí agus I dteannta leosan thuasluaite a bhí I bhfeighil na gceardlanna beidh Caoimhe agus Seosamh Ó Flatharta, Muintir Mheachair, Bríd Ni Mhaolchiaráin- Buaiteóir Corn Ui Riada 2022, John Kelly agus Peadar Ó Riada agus gan dabht Cór Chúil Aodha.

Beidh Amhránaíocht sa Mhuileann ina dhiaidh, le Máire Ní Chéilleachair mar Bean a Tí agus beidh Seisiún Ceoil in Óstán Ghobnatan chomh maith.

Ar an nDomhnach ar a 11.00 craolfar aifreann na hÉigse le Cór Chuil Aodha á stiúriú ag Peadar Ó Riada – Beo ar Raidió na Gaeltachta.

Bíonn ócáid speisialta igconaí sa sean Teampall I Reilig Ghobnatan agus beidh arís imbliana , sé sin Ceadal na hEigse le Caoimhe agus Séamus Ó Flatharta agus Muintir Jordan/The Jordan Trio (Buaiteoirí craobhacha uile Éireann).

Beimid ag fáilte tharnais roimh na hamhranaithe óga imbliana fé Scéim Aisling Gheal, le Éigse Amhránaíochta in Óstán Ghobnatan. Beidh scoth an cheoil againn don tráthnóna le Jimmy Doyle agus a Chairde in Ostan Ghobnatan agus ana-thráthnóna amhranaíochta I mBárr a Chuma faoi stiúir Eibhlís Uí Thuama.

Mar sin níl áit níos fearr le bheith ann le haghaidh deireadh seachtaine ceolmhar, traidisiúnta, spraíúíl ná Gaeltacht Mhúscraí d’Éigse 2022.

Preasráiteas Iomlán anseo