Beidh ocht gceardlann ar siúl ar maidin Shatharn ó 10:00 go dtí 12:30 in Ionad Cultúrtha an Dochtúra Uí Loingsigh agus i gColáiste Ghobnatan agus ar na múinteoirí cáiliúla eile a thabharfaidh ceardlanna beidh Seán Ó Fearghaill ar an gConsairtín, Megan McGinley ar an bhFidil, beidh Catherine McEvoy ar an bhFeadóg Mhór agus Paudie O Connor ar an mBosca Ceoil chomh maith le Sibéal Davitt agus Cliodhna Costelloe ar an banjo.
In éineacht leo siúd i mbliana beidh Cárthach Mac Craith ag múineadh amhránaíocht I nGaoulinn, agus beidh Seán Ó Sé, ar a mbronnfar Gradam Ceoil Gradam Saoil TG4 air i mbliana, ag múineadh Amhránaíocht I mBéarla.
Téigh díreach i dteagmháil le Síle nó Aoife in Ionad Cultúrtha an Dochtúra Uí Loingsigh chun d’áit a chur in áirithe sa cheardlann is spéis leat ag www.ionadculturtha.ie nó ar ghuthán ag 026 45733 nó email go eolas@ionadculturtha.ie.
Seo é an liosta de cheardlanna agus de mhúinteoirí agcoir 2021.
- Cárthach Mac Craith.
Amhránaíocht I nGaoulinn / Irish Language singing. - Seán Ó Sé.
Amhránaíocht I mBéarla / English Language singing. - Megan McGinley.
Fidil / Fiddle. - Seán Ó Fearghaill.
Consairtín / Concertina. - Sibéal Davitt.
Rince / Dance. - Paudie O Connor.
Bosca Ceoil / Accordion. - Catherine McEvoy.
Feadóg Mhór / Flute. - Cliodhna Costelloe.
Banjo.
Bíonn an-ghlaoch ar cheardlanna na hÉigse gach bliain, dá bhrí sin, moltar áit a chur in áirithe chomh luath agus is féidir.
The Éigse workshops have always been very well attended, therefore it is advised to book early in order to avoid disappointment.
Beidh na ceardlanna ar siúl san Ionad Cultúrtha agus i gColáiste Ghobnatan, óna 10.00 go dtína 12.30 maidin Dé Sathairn. Costas €20 [Duine amháin]
Táillí i gcás páiste ón dteaghlach céanna: X 2 = €35; X 3 = €50; x 4 = €60
Workshops take place in the Ionad Cultúrtha and in Coláiste Ghobnatan from 10.00 to 12.30 on Saturday morning. Fee :€20 [Per Person]
Fee for childeren from the same family: X 2 = €35; X 3 = €50; x 4 = €60
Eolas : Ionad Cultúrtha, 026 45733 / eolas@ionadculturtha.ie.
*Tá na ranganna seo dírithe ar scileanna breise a mhúineadh do dhaoine atá ag foghlaim cheana féin. Nílid dírithe ar thosnaitheoirí
(These classes are not suitable for beginners.)