Beidh Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabhain ag ceiliúradh 30 bliain ó bhunaigh a Mhuintir agus a Chairde an chéad Éigse ag tús na Nollag 1992,bliain tar éis dó bheith caillte go tragóideach I 1991. Beidh sé ar siúl mar is gnáth I nGaeltacht Mhúscraí ón Aoine 2ú lá go dtí an Domhnach an 4ú lá de mhí na Nollag.
Bhí cáil agus meas ar Dhiarmuidín as feabhas agus stíl a chuid amhránaíochta agus an cumas a bhí ann a leagan féin a dhéanamh d’amhráin agus go háirithe a repertoire d’amhráin aitiúla Múscraíoch. Bhíodh Diarmuidín ag obair mar mhúinteóir tráth agus ba chraoltóir é le RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tagann amhránaithe, ceoltoirí agus mórchuid cuairteóirí, le chéile gach bliain as gach ceann den tír chun an amhránaíocht agus an ceol traidisiúnta a chleachtadh I dteannta le Muintir Mhúscraí.
‘S é Seán Potts craoltóir agus piobaire aitheanta a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil oiche dé hAoine.
Ina dhaidh san seolfaidh dlúth chara le Diarmuid an dlúthdhiosca “Diarmuidín” curtha le chéile ag Coiste na hÉigse. Beidh 20 rian ar an ndlúthdhiosca ina measc rianta le Diarmuid nach bhfuil eisithe cheana leithéidí, Cath Chéim an Fhia, Reidh Chnoc Mná Duibhe agus McAlpines Crew. Canfaidh aíonna éagsúla rianta ón ndlúthdhiosca.
Críochnóidh an oíche le seisiún ceoil sa Mhuileann.
Beidh tús luath leis na himeachtaí maidin Dé Sathairn le Siúlóid Cuimhneacháin Síle Ni Shúilleabháin (deirfiúr le Diarmuidín. Tosnóidh an siúlóid ó chlos Bárr a Chuma ar 9.30 r.n.
Beidh ocht gCeardlann ar siúl an mhaidin céanna, ó 10.00-12.30, I gColáiste Ghobnatan agus Ionad Cultútrtha Dochtúir Ó Loiungsigh
Amhránaíocht I nGaoluinn le Lillis Ó Laoire,
Amhránaíocht I mBéarla le Cathy Jordan,
Fidil le Sorcha Costello,
Consairtín le Mary MacNamara,
Rince le Edel Ni Churraoin,
Bosca Ceoil le Diarmuid Ó Meachair,
Feadóg Mhór le Brian O Loughlin
Bouzouki le Libby McCrohan.
Breis eolais futhú seo ó Liadh agus Síle in Ionad Cultúrtha Dochtúir Ó Loingsigh www.ionadculturtha.ie, 026 45733.
Tar éis lóin beidh léacht againn leis an leachtóir agus údar Dáibhí Ó Cróinin “The Songs Of Elizabeth Cronin, 20 Bliain ag Fás” san Ionad Cultúrtha. Ba chomhair go mbeadh tráthnóna brea ceoil againn ina dhiaidh san, ar dtús I mBárr a’Chuma le Muintir Mheachair agus ina dhiaidh I dTigh Tabhairne Ui Scannaill le Shane Creed agus a chairde.
Beidh ócáid mhór na deireadh seachtaine Coirmcheoil na hÉigse ar siúl in Áras Éamonn Mac Suibhne oíche Dé Sathairn. ‘Sí Doireann Ní Ghlacáin a bheidh ina Bean a Tí agus I dteannta leosan thuasluaite a bhí I bhfeighil na gceardlanna beidh Caoimhe agus Seosamh Ó Flatharta, Muintir Mheachair, Bríd Ni Mhaolchiaráin- Buaiteóir Corn Ui Riada 2022, John Kelly agus Peadar Ó Riada agus gan dabht Cór Chúil Aodha.
Beidh Amhránaíocht sa Mhuileann ina dhiaidh, le Máire Ní Chéilleachair mar Bean a Tí agus beidh Seisiún Ceoil in Óstán Ghobnatan chomh maith.
Ar an nDomhnach ar a 11.00 craolfar aifreann na hÉigse le Cór Chuil Aodha á stiúriú ag Peadar Ó Riada – Beo ar Raidió na Gaeltachta.
Bíonn ócáid speisialta igconaí sa sean Teampall I Reilig Ghobnatan agus beidh arís imbliana , sé sin Ceadal na hEigse le Caoimhe agus Séamus Ó Flatharta agus Muintir Jordan/The Jordan Trio (Buaiteoirí craobhacha uile Éireann).
Beimid ag fáilte tharnais roimh na hamhranaithe óga imbliana fé Scéim Aisling Gheal, le Éigse Amhránaíochta in Óstán Ghobnatan. Beidh scoth an cheoil againn don tráthnóna le Jimmy Doyle agus a Chairde in Ostan Ghobnatan agus ana-thráthnóna amhranaíochta I mBárr a Chuma faoi stiúir Eibhlís Uí Thuama.
Mar sin níl áit níos fearr le bheith ann le haghaidh deireadh seachtaine ceolmhar, traidisiúnta, spraíúíl ná Gaeltacht Mhúscraí d’Éigse 2022.