Edel Ní Churraoin

Profiling our workshop artists / 
Súil ar aíonna na ceardlainne 2022

D’Fhás Edel Ní Churraoin aníos le traidisiúin an cheol agus an damhsa I gConamara.

Seineann sí an fheadóg stáin agus an bosca ceoil. Is amhranaí agus damhsóir sean-nóis í Edel chomh maith. Tá go leor duaiseanna ceoil agus damhsa buaite aici thar na mblianta.

Bhí sí ar an ardán fúd fad na hÉireann agus níos faide I gcéin leis an ngrúpa “Las” agus neart ceoltoirí eile ina measc Brighde Chambeuil agus Emma Ni Fhíoruisce. Tá Edel lonnaithe I mBéal Feirste agus ag obair sna meáin, idir raidió, teilifís, podchraoltaí agus ábhar ar líne d’eagraíochtaí éagsúla ar nós TG4, BBC NI agus Raidió Fáilte.

Edel Ni Churraoin grew up with traditional music and dance in Conamara Co Galway. She plays the tin whistle and the box. She is also a sean-nós dancer and singer.

She has won many dance and music competitions over the years. She has been on stage in Ireland and further afield with the group “Las” and with many other musicians including Brighde Cambeuil and Emma Fioruisce.

Edel is based in Belfast and works in the media whether radio, television, podcasts or for online work for TG4, BBC NI and Raidió Fáilte.

Beidh na ceardlanna ar siúl san Ionad Cultúrtha agus i gColáiste Ghobnatan, óna 10.00 go dtína 12.30 maidin Dé Sathairn 03 Nollaig 2022.

Workshops take place in the Ionad Cultúrtha and in Coláiste Ghobnatan from 10.00 to 12.30 on Saturday morning 3rd of December.