Is cúis mhór áthais dúinn go reachtálfar Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin beo beathaitheach imbliana. Beidh sé ar siúl I nGaeltacht Mhúscraí ón Aoine 3ú lá go dti an Domhnach an 5ú lá de mhí na Nollag.
I mbliana beimíd ag comóradh 30 bliain ó cailleadh Diarmuidín go tragóideach I 1991.
Bhí cáil agus meas ar Dhiarmuidín as feabhas agus stíl a chuid amhránaíochta agus an cumas a bhí ann a leagan féin a dhéanamh d’amhráin agus go háirithe a repertoire d’amhráin aitiúla Múscraíoch.
Bhíodh Diarmuidín ag obair mar mhúinteóir tráth agus ba chraoltóir é le RTÉ Raidió na Gaeltachta . Déanfar bronnadh speisialta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall in aitheantas don chuid seo dá shaol.
Tagann amhránaithe, ceoltóirí agus mórchuid cuairteoirí, le chéile gach bliain as gach ceann den tír chun an amhránaíocht agus an ceol dúchais a chleachtadh I dteannta le Muintir Mhúscraí.
Tá áthas orainn imbliana go mbeidh aíonna spesialta againn ón Albain, a bhuíochas san d’Iomairt Cholmcille agus Foras na Gaeilge. Beidh siad ag tabhairt cuairt ar na scoileanna áitiúla agus I gcomhair le Scéim Amhránaíochta Aisling Gheal, beidh siad ag múineadh amhráin gaoluinne na hAlbain dos na daltaí agus ag foghlaim amhráin áitiúla chomh maith.
‘Sí Muireann Ni Dhroighneáin a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil oíche dé hAoine agus ina dhiaidh san déanfar bronnadh ar Raidio na Gaeltachta Baile na nGall igcuimnhe ar Dhiarmuidín.
Cuirfidh Muintir na hAlbain agus daltaí bunscoile taispeántas I láthair des na hamhráin a bhí á gcleachtadh acu I rith na seachtaine agus críochnófar an oíche le seoladh leabhar agus dlúthdhiosca Cnuasach Amhráin Ó Mhúscraighe le hAcadamh Fódhla.
Críochnóidh an oíche le seisiún ceoil sa Mhuileann.
Beidh tús luath leis na himeachtaí maidin dé Sathairn le mír nua ar an gclár , sé sin Siúlóid Chuimhneacháin Síle Ni Shúilleabháin,( deirfiúr Dhiarmada).
Beidh naoi gceardlann ar siúl an mhaidin céanna, ó 10.00 -12.30, I gColáiste Ghobnatan agus Ionad Cultúrtha Dochtúir Ó Loingsigh
- Amhránaíocht I nGaoluinn le Cárthach Mac Craith,
- Amhránaíocht I mBéarla le Seán Ó Sé,
- Fidil le Megan McGinley,
- Consairtín le Seán Ó Ferghaill,
- Rince le Sibéal Davitt,
- Bosca Ceoil le Paudie O Connor,
- Feadóg Mhór le Catherine McEvoy,
- Banjo Cliodhna Costello
- agus nua imbliana Rang Gaeilge do thosnaitheoirí le Plean Teanga Mhúscraí.
Breis eolais futhú seo ó Aoife agus Síle in Ionad Cultúrtha Dochtúir Ó Loingsigh www.ionadculturhta.ie, 026 45733. Gan dabht tá na sonraí ar fad ar fáil ar suíomh na hÉigse féin www.eigse.ie.
Tar éis lóin beidh léacht againn le Deirdre Ní Chonghaile Gabhtar fonn le fonn: bailiú an cheoil dhúchais san Ionad Cultúrtha.
Beidh tráthnona brea ceoil againn ina dhiaidh san, ar dtúis I mBárr a’Chuma le Keelan McGrath agus Gearóid MacnaMara agus ina dhiaidh I Tigh Tabhairne Uí Scannaill le Siún Ní Ghlacáin agus a cairde.
Gan dabht beidh ócáid mhór na deireadh seachtaine Coirmcheoil na hÉigse ar siúl in Áras Éamonn Mac Suibhne oíche dé Sathairn. ‘Sí Doireann Glacken a bheidh ina Bean a Tí agus I dteannta leosan thuasaluiate a bhí I bfheighil na gceardlanna beidh Muintir na hAlban, Keelan Mcgrath agus Gearóid MacNamara, Danny Maidhcí Ó Súilleabháin, John Kelly, Éamonn McGivney agus Peadar Ó Riada agus gan dabht Cór Chúil Aodha.
Beidh Amhránaíocht sa Mhuileann ina dhiaidh le Máire Ní Chéilleachair mar Bean a Tí agus beidh seisiún Ceoil in Ostán Ghobnatan chomh maith.
Ar an nDomhnach craolfar aifreann na hÉigse le Cór Chuil Aodha á stiúriú ag Peadair O Riada- beo ar Raidió na Gaeltachta.
Beidh ócáid speisialta ina dhiaidh sa sean Séipéal I reilig Ghobnatan, Ceadal na hÉigse le Danny Maidhci Ó Súilleabháin,Diarmuid agus Éamonn Ó Meachair.
Beidh scoth an cheoil againn don tráthnóna le Jimmy Doyle agus a chairde in Ostán Ghobnatan agus ana- thráthnóna amhránaíochta I mBárr a’ Chuma faoi stiúir Eibhlís Ui Thuama.
Mar sin má tá deireadh seachtaine ceolmhar, traidisúnta uait le comhluadar cairdiúil tabhair d’aghaidh ar Mhúscraí d’Éigse 2021 Dhiarmuid Ui Shúilleabháin.
Breis eolais agus clár iomlán na deireadh seachtaine ar fáil ar suíomh www.eigse.ie.
Cathal Ó Riada 086-8509515, cathaloriada@outlook.com
Preas Ráiteas word doc le fail anseo.
Éigse Dhiarmuid Ui Shúilleabháin
2021 3rd to the 5th December.
We are delighted to announce that Éigse Dhiarmuid Ui Shúilleabháin will take place as a live event this year. It will be held in the Múscraí Gaeltacht from Friday the 3rd of December to Sunday the 5th of December.
This year we will be commemorating the 30th anniversary of Diarmuidín’s tragic death .Diarmuid Ó Súilleabháin was very well known for his unique singing style and his versions of many renowned songs from the Múscraí area .He was among many other things , a teacher and a journalist who worked for RTÉ Raidió na Gaeltachta. Special recognition will be given to this aspect of his life when a presentation will be made to RTÉ Raidió na Gaeltachta Baile na nGall at the opening on Friday night.
Singer, musicians and people who enjoy traditional singing and music come from all over the country and indeed from abroad every year to celebrate the unique culture of the Múscraí area.
We are delighted this year to welcome a special group of Gaelic speakers and singers from Scotland thanks to the sponsorship of Iomairt Cholmcille and Foras na Gaeilge. They will be visiting the local schools and in Partnership with Scéim Amhránaíochta Aisling Gheal will be teaching some gaelic songs and indeed learning some of the local songs.
Muireann Ní Dhuigneáin will open the Éigse on Friday night and afterwards a special presentation will be made to RTÉ Raidio na Gaeltachta Baile na nGall in memory of their colleague Diarmuidín. We will then have a performance from our visitors from Albain and local schoolchildren. Finishing the night in Áras Éamonn Mac Suibhne will be a launch of a book and cd by Acadamh Fódhla Cnuasach Amhráin Ó Mhúscraighe.
The night will finish with a session in the Mills Inn.
Saturday 4th of December will have an earlier start with Siúlóid Cuimhneacháin Síle Ni Shúilleabháin at 9.30, starting off from the forestry park.
We will have nine workshops this year in Coláiste Ghobnatan and Ionad Cultúrtha Dochtúir Ó Loingsigh,from 10.00 am to 12.30 pm-
- Sean Nós Singing with Cáthach Mac Craith.
- English Singing with Seán Ó Sé.
- Concertina with Seán Ó Fearghaill.
- Fiddle with Megan McGinley.
- Sean Nós Dancing with Sibéal Davitt.
- Accordion with Paudie O Connor.
- Flute with Catherine McEvoy.
- Banjo Cliodhna Costello.
- New this year Irish Class for beginners run by Plean Teanga Mhúscraí.
For further information contact Aoife or Síle at Ionad Cúltúrtha Dochtúir Ó Loingsigh www.ioinadculturtha.ie , 026 45733.
Of course all information is available on the Éigse website www.eigse.ie
After lunch we will have a lecture in the Ionad Cultúrtha with Deirdre Ní Chonghaile Gabhtar fonn le fonn:bailiú an cheoil dúchais.
We will have a great evening of music after that, firstly with Keelan McGrath and Gearóid MacNamara in the Top Of Coom and afterwards with Siún Ní Ghlacáin and her friends in Scannells bar in the village.
Our gala concert hosted by Doireann Ní Ghlacáin will take place in Áras Éamonn Mac Suibhne at 8.00 that evening. All the tutors who taught at the workshop earlier will take part along with Keelan McGrath and Gearóid MacnaMara, our visitors from Scotland, Danny Maidhcí Ó Súilleabhain, John Kelly, Éamonn McGivney and Peadar Ó Riada and of course Cór Chúil Aodha.
Afterwards there will be a singing session in the Mills Inn with Máire Ni Chéilleachair as Bean A Tí and a music session in the Abbey Hotel.
On Sunday mass will be celebrated with Cór Chuil Aodha under the guidance of Peadar Ó Riada which will be live on Raidió na Gaeltachta.
We are in for a treat afterwards at the Éigse Recital in the old Church in Reilig Ghobnatan, with Danny Maidhcí Ó Súilleabháin, Diarmuid and Éamonn Ó Meachair.
We are delighted that we will have great music with Jimmy Doyle and friends playing in the Abbey Hotel in the afternnon and should have a fine evening of singing in the Top of Coom with Eibhlín Ui Thuama as Bean a Ti.
So if you want to have a great weekend of traditional music and song and great company make your way to Éigse Dhiarmuid Ui Shúilleabháin 2021.
More information and the full programme of events available on the Éigse website www.eigse.ie
Cathal Ó Riada 086 8509515 cathaloriada@outlook.com
Download word doc version of Press Release here.