Ceiliúradh ar cheantar Iorrais Aithneach.

Beidh seisiún agus ceiliúradh speisialta á dhéanamh ar cheantar Iorras Aithneach i gConamara ag an
Éigse i mbliana. Ceantar fíor shaibhir sa tsean-nós í an ceantar seo – an ceantar óna dtáinig leithéidí
Joe Éinniú, Seán’ Ac Dhonncha, Nan Tam Taimín, Michael Mháire Ghabha, Johnny Mháirtín Learaí,
Joe John agus gan amhras na deartháireacha Josie agus Johnny Sheáin Jeaic.
Cuirfidh Róisín Nic Dhonncha, iníon do Johnny Sheáin Jeaic beannacht Dé leis, seisiún i láthair ar
oidhreacht Iorrais Aithneach sa Mhuseam sa Mhuileann ar a 2.00 ar an Satharn an 30ú Samhain.
Beidh scoth na n-amhránaithe ina teannta ón gceantar, ina measc, Pól Ó Ceannabháin ón Áird Thoir
Cárna, a bhuaidh Corn Uí Riada i 2012, agus a dheirfiúr Caitríona.

Beidh seisiún agus ceiliúradh speisialta á dhéanamh ar cheantar Iorras Aithneach i gConamara ag an Éigse i mbliana. Ceantar fíor shaibhir sa tsean-nós í an ceantar seo – an ceantar óna dtáinig leithéidí Joe Éinniú, Seán’ Ac Dhonncha, Nan Tam Taimín, Michael Mháire Ghabha, Johnny Mháirtín Learaí, Joe John agus gan amhras na deartháireacha Josie agus Johnny Sheáin Jeaic.

Cuirfidh Róisín Nic Dhonncha, iníon do Johnny Sheáin Jeaic beannacht Dé leis, seisiún i láthair ar oidhreacht Iorrais Aithneach sa Mhuseam sa Mhuileann ar a 2.00 ar an Satharn an 30ú Samhain. Beidh scoth na n-amhránaithe ina teannta ón gceantar, ina measc, Pól Ó Ceannabháin ón Áird Thoir Cárna, a bhuaidh Corn Uí Riada i 2012, agus a dheirfiúr Caitríona.