Ceardlanna Amhránaíochta & Ceoil 2019

Beidh an t-ádh le daltaí amhránaíochta i mbliana mar go mbeidh rogha acu idir dhá mhúinteoir amhránaíochta den chéadscoth. Beidh Rita Gallaghaer ó Na Frosa, Co. Dhún na nGall, i mbun ceardlainne amhránaíochta i mBéarla agus beidh Treasa Ní Mhiolláin, as Árann Mór, Oileáin Árainn, Co. na Gaillimhe, i bhfeidhil ceardlainne amhránaíochta as Gaeilge ar an sean-nós.

Tá liosta de cheardlanna agus múinteoirí Éigse 2019 foilsithe anseo.

Íoslódáil an fhoirm iarratais anseo /
Download the application form here.

Bíonn an-ghlaoch ar cheardlanna na hÉigse gach bliain, dá bhrí sin, moltar áit a chur in áirithe chomh luath agus is féidir.

Tá na ranganna seo á n-eagrú ag Coiste na hÉigse i gcomhpháirt le hIonad Cultúrtha an Dochtúra Uí Loingsigh agus le Coláiste Ghobnatan, Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí.