Bail ó Dhia oraibh go léir.
Ba mhaith le coiste na hÉigse beannú dár gcáirde a thagann go dtí an Éigse gach bliain, agus cuireadh a thabhairt díbh go léir a bheith inár gcuideachta
arís i mbliana ag Éigse 21.
Tá clár cuimsitheach á leagadh sios againn fé mar a dheinimíd gach bliain, agus beidh na sonraí le fáil anseo do réir a chéile.
Beidh Éigse21 ag tosnú ar an Aoine an 30ú Samhain, agus ag leanuint ar aghaidh go dtí an Domhnach, an 2ra Nollaig.
Tá áthas mór orainn a fhógairt gur thoiligh an craoltoir Seán Bán Breathnach an oscailt a dhéanamh i mbliana. Ní raibh sé ar aon Éigse go dtí so, agus beidh
fáilte mhór roimis.
Imeasc na gceoltóirí atá cinntithe go dtí so, tá John Wynne, fliútadóir, John McEvoy, veidhleadóir, agus Caitlín Nic Gabhann, consairtín, a bhfuil dlúth-cheirnín
álainn tugtha amach aici le déannaí.
Beidh na hamhránaithe Séamus Mac Mathúna agus Buaiteoir Ghradam TG4, Nell Ní Chróinín ag teacht chomh maith.
Sin tús an liosta. Tá liosta fada de dhaoine eile ag teacht ina dteannta siúd, agus léachtaí agus seisiún eagraithe, ach beidh oraibh teacht ar ais an tseachtain seo chugainn chun breis eolais a fháil!