Féile Amhránaíochta & Ceoil i gcuimhne Dhiarmuid Uí Shúilleabháin a reáchtáiltar gach bliain i Cúil Aodha and Baile Bhuirne, Gaeltacht Mhúscraí, Co. Chorcaí. [eolas@eigse.ie]
Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil clárú do cheardlanna Amhránaíochta & Ceoil na bliana seo oscailte anois. Is feidir clárú suas go dtí an lá féin, agus ar an lá féin fiú, ach bíonn éileamh i gcónaí ar áiteanna mar sin cláraigh go luath más féidir.
Delighted to announce our workshop lineup for this year and that registration for this year’s music and singing workshops is now open. You can register up and including the day itself but it’s recommended to register in advance as places are limited.
02 Nollaig, 2023
10.00 - 12.30 Ceardlanna Amhránaíochta agus Ceoil na hÉigse.
SINGING AND MUSIC WORKSHOPS.
Ionad Cultúrtha Dochtúir Ó Loingsigh agus Coláiste Ghobnatan
Mary Bergin - Feadóg Stáin / Tin whistle.
Derek Hickey - Bosca Ceoil / Accordion.
Micheal Ó Sé - Amhránaíocht I mBéarla / English Language singing.
Nell Ni Chroiní - Amhránaíocht I nGaeilge / Irish Language singing.
Paul Clesham - Consairtín / Concertina.
Jackie Martin - Fidil / Fiddle.
Jim Murray - Giotár / Guitar.
John Lynch - Rinnce Seit / Set Dancing.
Is féidir leat an t-albam a cheannach ar líne anseo ar Éigse.ie nó a shruthú ar gach príomhshuíomh sruthaithe i.e. Spotify, Youtube Music, Apple Music srl
You can buy the album online or stream on all main streaming sites including Spotify, Youtube Music, Apple Music etc
Bhí oíche dhraíochtúil ag oscailte na hÉigse 2022 nuair a dheannamar ceiliúradh ar eisiúint albaim de chuid Diarmuid Ó Súilleabháin “Diarmuidín.”
Thóg amhránaithe áitiúla an stáitse chun rogha amhrán ón albam a chanadh, ina measc leanaí cumasacha ón ‘Scéim Amhránaíochta Aisling Gheal’ a chuir an lucht féachana faoi gheasa le ‘An Cailín Aerach’ agus ‘Carraig Aonair’.
Relive the magic of the 2022 Éigse opening night where we celebrated the release of Diarmuid Ó Súilleabháin’s posthumous album ‘Diarmuidín’. In December of 2022, local singers took the stage to perform a selection of songs from the album, including talented children from the ‘Scéim Amhránaíochta Aisling Gheal’ who enchanted the audience with their performance of ‘An Cailín Aerach’ and ‘Carraig Aonair’.
Beidh Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabhain ag ceiliúradh 30 bliain ó bhunaigh a Mhuintir agus a Chairde an chéad Éigse ag tús na Nollag 1992,bliain tar éis dó bheith caillte go tragóideach I 1991. Beidh sé ar siúl mar is gnáth I nGaeltacht Mhúscraí ón Aoine 2ú lá go dtí an Domhnach an 4ú lá de mhí na Nollag.
Bhí cáil agus meas ar Dhiarmuidín as feabhas agus stíl a chuid amhránaíochta agus an cumas a bhí ann a leagan féin a dhéanamh d’amhráin agus go háirithe a repertoire d’amhráin aitiúla Múscraíoch. Bhíodh Diarmuidín ag obair mar mhúinteóir tráth agus ba chraoltóir é le RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tagann amhránaithe, ceoltoirí agus mórchuid cuairteóirí, le chéile gach bliain as gach ceann den tír chun an amhránaíocht agus an ceol traidisiúnta a chleachtadh I dteannta le Muintir Mhúscraí.
‘S é Seán Potts craoltóir agus piobaire aitheanta a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil oiche dé hAoine.
Ina dhaidh san seolfaidh dlúth chara le Diarmuid an dlúthdhiosca “Diarmuidín” curtha le chéile ag Coiste na hÉigse. Beidh 20 rian ar an ndlúthdhiosca ina measc rianta le Diarmuid nach bhfuil eisithe cheana leithéidí, Cath Chéim an Fhia, Reidh Chnoc Mná Duibhe agus McAlpines Crew. Canfaidh aíonna éagsúla rianta ón ndlúthdhiosca.
Críochnóidh an oíche le seisiún ceoil sa Mhuileann.
Beidh tús luath leis na himeachtaí maidin Dé Sathairn le Siúlóid Cuimhneacháin Síle Ni Shúilleabháin (deirfiúr le Diarmuidín. Tosnóidh an siúlóid ó chlos Bárr a Chuma ar 9.30 r.n.
Beidh ocht gCeardlann ar siúl an mhaidin céanna, ó 10.00-12.30, I gColáiste Ghobnatan agus Ionad Cultútrtha Dochtúir Ó Loiungsigh
Amhránaíocht I nGaoluinn le Lillis Ó Laoire, Amhránaíocht I mBéarla le Cathy Jordan, Fidil le Sorcha Costello, Consairtín le Mary MacNamara, Rince le Edel Ni Churraoin, Bosca Ceoil le Diarmuid Ó Meachair, Feadóg Mhór le Brian O Loughlin Bouzouki le Libby McCrohan.
Breis eolais futhú seo ó Liadh agus Síle in Ionad Cultúrtha Dochtúir Ó Loingsigh www.ionadculturtha.ie, 026 45733.
Tar éis lóin beidh léacht againn leis an leachtóir agus údar Dáibhí Ó Cróinin “The Songs Of Elizabeth Cronin, 20 Bliain ag Fás” san Ionad Cultúrtha. Ba chomhair go mbeadh tráthnóna brea ceoil againn ina dhiaidh san, ar dtús I mBárr a’Chuma le Muintir Mheachair agus ina dhiaidh I dTigh Tabhairne Ui Scannaill le Shane Creed agus a chairde.
Beidh ócáid mhór na deireadh seachtaine Coirmcheoil na hÉigse ar siúl in Áras Éamonn Mac Suibhne oíche Dé Sathairn. ‘Sí Doireann Ní Ghlacáin a bheidh ina Bean a Tí agus I dteannta leosan thuasluaite a bhí I bhfeighil na gceardlanna beidh Caoimhe agus Seosamh Ó Flatharta, Muintir Mheachair, Bríd Ni Mhaolchiaráin- Buaiteóir Corn Ui Riada 2022, John Kelly agus Peadar Ó Riada agus gan dabht Cór Chúil Aodha.
Beidh Amhránaíocht sa Mhuileann ina dhiaidh, le Máire Ní Chéilleachair mar Bean a Tí agus beidh Seisiún Ceoil in Óstán Ghobnatan chomh maith.
Ar an nDomhnach ar a 11.00 craolfar aifreann na hÉigse le Cór Chuil Aodha á stiúriú ag Peadar Ó Riada – Beo ar Raidió na Gaeltachta.
Bíonn ócáid speisialta igconaí sa sean Teampall I Reilig Ghobnatan agus beidh arís imbliana , sé sin Ceadal na hEigse le Caoimhe agus Séamus Ó Flatharta agus Muintir Jordan/The Jordan Trio (Buaiteoirí craobhacha uile Éireann).
Beimid ag fáilte tharnais roimh na hamhranaithe óga imbliana fé Scéim Aisling Gheal, le Éigse Amhránaíochta in Óstán Ghobnatan. Beidh scoth an cheoil againn don tráthnóna le Jimmy Doyle agus a Chairde in Ostan Ghobnatan agus ana-thráthnóna amhranaíochta I mBárr a Chuma faoi stiúir Eibhlís Uí Thuama.
Mar sin níl áit níos fearr le bheith ann le haghaidh deireadh seachtaine ceolmhar, traidisiúnta, spraíúíl ná Gaeltacht Mhúscraí d’Éigse 2022.
Profiling our workshop artists /Súil ar aíonna na ceardlainne2022
Tá stíl ceolmhar Mary préamahithe go domhain I rithim binn luasmhar oirthear an Chláir. Bhí an tádh lei gur sheinm sí le máistrí ceoil an cheanntair cosúil le Martin Rochford, P Joe Hayes, Bill Malley agus Joe Bane.
Tá trí albaim eisithe aici féin agus d’éisigh si an cheann is déanaí lena hínion Sorcha Costello, “The Lady’s Cup of Tea”.
Mary’s style of music is deeply set in the mellow rhythm and swing of east Clare having being fortunate to have played with the musical masters of the area such as Martin Rochford, P Joe Hayes, Bill Malley and Joe Bane.
Mary has recorded three solo albums followed by a duet album “The Lady’s Cup of Tea” with her daughter Sorcha Costello.
Profiling our workshop artists /Súil ar aíonna na ceardlainne2022
Rugadh Cathy Jordan I Ros Comáin agus tá sí mar amhránaí profisiúnta leis an grúpa tradisiúnta Dervish le 30 bliain anuas. Seineann sí an guitar, an bouzouki, bodhrán agus cnámha.
Tá amhráin scriobtha aici leis an Ceoltóir iomráiteach Brendan Graham. Múineann sí traenáil gutha a do dhaltaí in Eirinn agus thar sáile agus tugann taithí mhaith dóibh ar amhráin thraidisiúnta.
Tá mór chuid taifeadta aici agus tá sí taréis an mór chuid cur I láthair dheanmah ar fuid an domhain.
Roscommon born Cathy Jordan has been a professional singer with traditional group Dervish for nearly 30 years. She is a self taught guitar, bouzouki , bodhran and bones player.
She has written songs with internationally renowned Brendan Graham and provides vocal training and exercises to students in Ireland and abroad, as well as expanding her students traditional song repertoire.
She has recorded extensively and performed all over the world.
Profiling our workshop artists /Súil ar aíonna na ceardlainne2022
Is boscadóir é Diarmuid Ó Meachair ó Chúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí. Bronnadh Gradam Ceoil TG4 “Ceoltóir Óg na Bliana” air i mbliana (2022).
Tá taifead aonair déanta aige le Raelach Records dar teideal “Siúl na Slí”. Tá Diarmuid tar éis an bosca ceoil a mhúineadh ag Scoil Samhraidh Willie Clancy, Scoil Cheoil an Earraigh agus an Scoil Cheoil “Meitheal” go dtí seo.
Diarmuid Ó Meachair is a BC & C#D Button Accordion player from Cúil Aodha in West Cork. He is also an accomplished 10 key melodeon player and sean-nós singer.
He was recently awarded the prestigious Young Musician of the year award from TG4 for 2022. He is one of the most exciting accordion players of his generation.
Profiling our workshop artists /Súil ar aíonna na ceardlainne2022
D’Fhás Edel Ní Churraoin aníos le traidisiúin an cheol agus an damhsa I gConamara.
Seineann sí an fheadóg stáin agus an bosca ceoil. Is amhranaí agus damhsóir sean-nóis í Edel chomh maith. Tá go leor duaiseanna ceoil agus damhsa buaite aici thar na mblianta.
Bhí sí ar an ardán fúd fad na hÉireann agus níos faide I gcéin leis an ngrúpa “Las” agus neart ceoltoirí eile ina measc Brighde Chambeuil agus Emma Ni Fhíoruisce. Tá Edel lonnaithe I mBéal Feirste agus ag obair sna meáin, idir raidió, teilifís, podchraoltaí agus ábhar ar líne d’eagraíochtaí éagsúla ar nós TG4, BBC NI agus Raidió Fáilte.
Edel Ni Churraoin grew up with traditional music and dance in Conamara Co Galway. She plays the tin whistle and the box. She is also a sean-nós dancer and singer.
She has won many dance and music competitions over the years. She has been on stage in Ireland and further afield with the group “Las” and with many other musicians including Brighde Cambeuil and Emma Fioruisce.
Edel is based in Belfast and works in the media whether radio, television, podcasts or for online work for TG4, BBC NI and Raidió Fáilte.