Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin 2024 ón Aoine 29ú Samhain go dtí Domhnach 1ú Nollaig.

Reachtálfar Éigse Dhiarmuid Uí Shúileabháin mar is gnáth imbliana I nGaeltacht Mhúscraí ón Aoine 29ú Samhna go dtí an nDomhnach 1ú Nollaig. Beidh sé 33 bliain ó cailleadh Diarmuidín I 1991.

Bhí cáil agus clú ar Dhairmuidín as feabhas agus stíl a chuid amhránaíochta agus an cumas a bhí ann a leagan féin a dhéanmah d’amhráin agus go háirithe a repertoire d’amhráin aitiúla Mhúscraí.. Bhí Diarmuidin ag obair mar Mhúinteoir tráth agus chaith sé cuid mhaith dá shaol mar chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tagann amhránaithe, Ceoltóirí agus mórchuid cuairteóirí, le chéile gach bliain as gach ceann den tír chun an tamhránaíocht agus an gceol thraidisiúnta a chleachtadh le Muintir Mhúscraí.

Aoine 29ú Samhna.

‘Sé Séan O Sé amhránaí, múinteóir agus cara mór le Muintir Mhúscraí a dheanfaidh an oscailt oifigiúil.

‘Sé traidisiún na hagallimh, lúibíni,ceapóga agus amhráin saothair  sa cheanntar a bheidh á cheiliúradh againn imbliana agus beidh taispeántas do cuid acu san le feiscint ar an oíche.

Ina dhiaidh san beidh “ Ensemble Mhuscraí “ tharnais linn faoi stiúr Paul Clesham, ceolfhoireann Ceoltóirí óga thraidisiúnta ón gceanntar.

Criochnóidh an oíche le seisiun ceoil sa Mhuileann.

Satharn 30ú Samhain.

Beidh tús luath againn arís imbliana le siúlóid Cuimhneacháin Síle Ní Shúillleabháin ( deirfiúr le Diarmuidín). Tosnóidh an siúlóid ó chlos Barr’a chuma ar 9.30.

Beidh ocht gceardlann ar siúl ar maidin,ó 10.00- 12.30, I gColáiste Ghobnatan – Amhranaíocht I nGaoluinn le Breandán Ó Beaglaioch, Amhránaíocht I mBéarla le Danny Maidhci Ó Suilleabháin, Feadóg Stáin le Seán Ryan, Fidil le Connie Connell, Consairtín le Michelle Mulcahy, Bazouki le MacDara Ó Faoláin, Bosca Ceoil le Joseph Mannion agus Rinnce Seite le Angela Pháid Uí Ghrifín.

Breis eolais futhú seo ó Liadh agus Eibhlín in Ionad Cultúrtha Dochtúir Ó Loingsigh www.ionadculturtha.ie ,026 45733. Gach eolas ar suíomh na hÉigse www.eigse.ie

Imbliana beidh Seisiún Ceol na nÓg againn le CCÉ Lachtáin Naofa in Óstán Ghobnatan ó 12.30 go dtí  1.30.

Tar éis lóin beidh léacht na hÉigse againn san Ionad Cultúrtha le Seán Ua Súilleabháin dár teideal “ Traidisiún ársa na hagallimh beirte, lúibíní, amhrain saothair agus ceapóga I Múscraí”.

Bíonn ana thráthnóna ceoil againn tráthnóna dé Satharn agus is amhlaidh mar a bheidh  arís imbliana,ar dtús I mBarr a’Chuma le Éamonn Ó Meachair agus a chairde agus ina dhiaidh san I dTigh Tabhairne Ui Scannaill le Shane Creed agus a chairde.

Beidh mór Ocáid na deireadh seachtaine “ Coirmcheoil na hÉigse” ar siúl in Áras Éamonn Mac Suibhne oíche dé Satharn ar a 8.00 a chlog. ‘Sí Muireann Ní Dhuigneáin a bheidh ina Bhean a Tí. Ag glacadh páirt beidh na Muinteóirí ós na ceardlanna, Geróidín Breathnach buaiteóir Corn Ui Riada 2024, Eoin Ó Riabhaigh, Johnny McCarthy agus Pat Aherne, John Kelly, Éamonn Mac Givney, Peadar O Riada agus gan dabht Cór Chúil Aodha.

Is féidir ticéadaí cheannach ar line ag https://eigse2024.eventbrite.ie/ nó ag an ndoras.

Beidh amhránaíocht sa Mhuileann ina dhiaidh le Maire Ní Chéilleachair mar Bhean a Tí agus seisiún ceoil in Ostán Ghobantan chomh maith.

Domhnach 1ú Nollaig.

Craolfaidh RnaG Aifreann na hÉigse beo le Cór Chúil á stiúriú ag Peadar Ó Riada ar a 11.00 a chlog.

Bíonn ócáid speisialta  igcónaí sa sean Teampall I Reilig Ghobnatan agus sin mar a bheidh arís imbliana le Eoin Ó Riabhaigh, Johnny McCarthy agus Pat Aherne.

Beidh Éigse Amhranaíocht na nÓg á rith ag Scéim Amhránaíochta Aisling Gheal in Óstán Ghobnatan san iarnóin.

Beidh scoth an cheoil againn don tráthnóna le Muintir Shliabh Luachra in Óstán Ghobnatan agus criochnófar an  Éisge le féasta amhránaíochta sa tráthnóna I mBárr’ a Chuma faoi stiúir Eibhlís Uí Thuama.

Giorraigh an gheimhreadh agus tair go Múscraí áit a bheidh amhránaíocht, ceol, dea chomluadar agus spraoí.

Breis eolais agus clár iomlán na deireadh seachtaine ar fail ar suíomh www.eigse.ie nó riomphost eolas@eigse.ie. Cathal Ó Riada 086 8509515.

Taimíd fíor bhuíoch dár nurraithe go léir- An Comhairle Ealaíona,Ealaín na Gaeltachta, Comhairle Chontae Chorcaí, Feirm Gaoithe Cnocán na bPónaí, RTÉ Raidió na Gaeltachta.