Brian O’Loughlin

Profiling our workshop artists / 
Súil ar aíonna na ceardlainne 2022

As Tuaisceart an Chláir do Brian O’ Loughlin. D’fhás sé aníos ag foghlaim agus ag seinnt sa dúthaigh agus móran  boinn uile Éireann bronnta air dá réir.

Ta sé anois ina bhall den Sheandrum Céilí Band agus bionn sé ag seinnt agus ag múineadh go rialta ar fuid contae an Chláir. Tá ana thóir ar Bhrian mar cheoltóir agus ta fód na cruinne siúlta aige lena fheadog mhór, leithéidí an tSín,Dubai agus an Eoraip.

Brian O’Loughlin hails from the North of Clare. He grew up in the area playing and learning the flute and has won many All Ireland medals.

He is now a member of Seandrum Céilí Band and he plays and teaches classes regularly all over Clare. Brian is very much in demand as a musician and he has travelled to many places such as China, Dubai and Europe playing the flute.

Beidh na ceardlanna ar siúl san Ionad Cultúrtha agus i gColáiste Ghobnatan, óna 10.00 go dtína 12.30 maidin Dé Sathairn 03 Nollaig 2022.

Workshops take place in the Ionad Cultúrtha and in Coláiste Ghobnatan from 10.00 to 12.30 on Saturday morning 3rd of December.

Libby McCrohan

Profiling our workshop artists / 
Súil ar aíonna na ceardlainne 2022

Is ceoltóir traidisiúnta ó Bhaile Atha Cliath í Libby McCrohan. Seineann sí bouzouki ciorcalach Gréigeach. Nuair a bhíonn sí ag tionlacan seineann si go mothúlach, séimh,rithimiúil. Togann sí ionsparaid ó cheoltoirí an phíb uilinn.

Ta Libby tar éis seinmt ar fud na hÉireann agus thar lear. Tá sí le fáil ar dhá thaifeadadh go fóill- an dlúthdhiosca aitheanta “ Heard a Long Gone Song” le Lisa O Neill ( 2018) agus “ Not Before Time”…39 years in the Making” le Páraic Mac Donncha (2018).

Libby McCrohan is an Irish traditional musician from Dublin. She plays a round Greek bouzouki. Her approach to accompaniment is sensitive, subtle and rhythmical, taking inspiration from the regular playing of uilleann pipers.

Libby has performed all over Ireland and abroad and has featured on two albums to date- the critically acclaimed “ Heard a Long Gone Song” by Lisa O Neill (2018) and  “ Not Before Time…39 years in the Making” by Páraic Mac Donnchadha (2018).

Beidh na ceardlanna ar siúl san Ionad Cultúrtha agus i gColáiste Ghobnatan, óna 10.00 go dtína 12.30 maidin Dé Sathairn 03 Nollaig 2022.

Workshops take place in the Ionad Cultúrtha and in Coláiste Ghobnatan from 10.00 to 12.30 on Saturday morning 3rd of December.

Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin 2020

Tá an bheart déanta arís againn agus an 29ú Éigse Dhiarmuidín comórtha agus ceiliúrtha anois. 

Féile í seo atá rí-thábhachtach dár bhféiniúlacht agus dár n-aitheantas cultúrtha mar Ghaeil agus tá athnuachan déanta arís againn inné agus inniu, i dteannta a chéile, ar an oidhreacht luachmhar sin.

Ár mbuíochas libhse arís as a bheith linn ar líne i mbliana agus arís ár mbuíochas lenar n-aíonna iontacha i gceolchoirm na hoíche aréir agus buíochas lenár n-aíonna a chonaic sibh thar na mblianta ag Ceadal na hÉigse anseo arís inniu ó Chartlann na hÉigse.

Is mór ag Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin an tacaíocht agus an dílseacht a léirigh sibhse dúinn le 29 bliain anuas agus táimid dóchasach go mbeidh an uile duine agaibh linn an bhliain seo chugainn arís i nGaeltacht Mhúscraí, nuair a dhéanfar ceiliúradh breá Gaelach le ceol, amhráin, rince agus comhluadar ar an 30ú Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin i 2021.

Go dtí sin a chairde na hÉigse, go dté sibh slán!


Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin would like to sincerely thank all our performing artists, funders and supporters for making this the 29th Éigse a success. We look forward to welcoming you again to the Múscraí Gaeltacht next year for the 30th Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin 2021.

Veidhlín Maidhcí

Is deireadh seachtaine mór i deireadh seachtaine na hÉigse, don cheantar, agus do na Maidhcí’s, muintir Maidhcí Ó Súilleabháin, athair Dhiarmuidín, go háirithe. Ba chóir go dtabharfadh an píosa speisialta seo léargas daoibh ar an bhfear é féin agus conas mar a chuaigh a ghrá don cheol agus don chultúr i bhfeidhm ar a chlann agus Diarmuidín féin.

“Seo é an veidhlín a bhuaigh an chéad duais i gcomórtas an ‘Wooden Toy’ ag seó i gCorcaigh. 🥇🏆

Thug Maidhcí Ó Súilleabháin faoi veidhlín a dhéanamh go luath sna 60í agus é i seilbh a mhuintire i gcónaí a bhuíochas do ranganna Mhíchíl Uí Lionáird. 🎻🎻

Buíochas do MOLSCÉAL agus Seamus O Suilleabhain as ucht é chur i lathair.

GRIOGAIR LABHRUIDH : #ÉIGSE20

Tha Griogair Labhruidh na neach-nuadhachaidh ainmeil agus cliùiteach ann an ceòl na h-Alba. Bàrd, seinneadair agus neach-ciùil Gàidhlig Albannach à Gart a ’Chàirn (Gartocharn) le freumhan làidir ann an traidisean Gàidhlig Bhaile a’ Chaolais (Ballachulish) ann an Gàidhealtachd na h-Alba. Tha e moiteil a bhith a ’cumail cànan dùthchasach, seinn agus pìobaireachd nan daoine beò.

Is nuálaí mór le rá é Griogair Labhruidh i gceol na hAlban. File, ceoltóir, agus amhránaí as Gart a’ Chàirn i Siorrachd Dhùn Breatann an Iar le fréamhacha láidre i dtraidisiún Gaelach Bhaile a’ Chaolais i nGàidhealtachd na hAlban. Tá sé an-bhródúil as teanga, amhránaíocht agus píobaireacht a mhuintire a choimeád beo bríomhar. Tá spéis faoi leith ag Griogair san amhránaíocht dhúchasach in Albain agus in Éirinn.

Griogair Labhruidh is a well-known and well-respected innovator in Scottish music. A Scottish Gaelic poet, singer and musician from Gart a’ Chàirn (Gartocharn) with strong roots in the Gaelic tradition of Bhaile a’ Chaolais (Ballachulish) in the Scottish Highlands. He is proud to be keeping the indigenous language, singing and piping tradition of his people alive.

NUADÁN : #Éigse20

Grúpa ildánach Déiseach iad Nuadán (na deartháireacha Cárthach, Macdara, Pax Ó Faoláin ón Rinn, Iarlaith Mac Gabhann, Baile Átha Cliath) a sheinneann sa stíl thraidisiúnta inar tógadh baill an ghrúpa agus amhráin áitiúla acu as Gaoluinn agus as Béarla. Cuirtear an traidisiún chun cinn cé go gcuireann gach ball a splanc féin leis an gceol chomh maith. I mí na Samhna 2019 ag Féile Ceoil na hInse, i gCo an Chláir, sheol Nuadán ceirnín dar teideal Dén Díobháil, an tarna ceirnín uathu.

Nuadán (which is made up of brothers Cárthach, Macdara and Pax Ó Faoláin from An Rinn, Co. Waterford, and Iarlaith Mac Gabhann, Dublin) are a vibrant band from the Déise who play a wide range of traditional tunes and sing local sean-nós, macaronic and traditional songs in English. The band focuses on keeping the tradition they were brought up with alive, while also adding something new to the music. In November 2019, they launched Dén Díobháil at the Ennis Trad Fest which was their second album.

DANNY MAIDHCÍ Ó SÚILLEABHÁIN : #Éigse20

Duine de mhór-amhránaithe Mhúscraí le fada an lá is ea Danny. Thosnaigh sé ag foghlaim a chuid amhrán sa bhaile óna thuismitheoirí, Nóra agus Maidhcí. Bhíodh amhránaíocht ar siúl i Scoil Bharr Duínse leis agus é ag dul ar scoil ann.

Chuaigh Dónal Ó Mulláin ó Screathan na nGabhann i bhfeidhm air blianta níos déanaí nuair a théadh sé ar scoraíocht chuige. Bhíodh ana-thóir aige ar amhráin an chumadóra áitiúil, Danny Tom Ó Liatháin.

Daoine eile a raibh tionchar acu ar a chuid amhránaíochta, ó lasmuigh de Mhúscraí, ab ea Liam Weldon agus Jim Kelly i mBaile Átha Cliath. Tá cáil ar Danny as an stór mór amhrán atá aige.

Like all of his siblings, Danny has been singing since he was a young child. Learning songs from both his parents and from singers in the wider family group and the local community. He is known for his rich store of local songs; songs in Irish, in English and bilingual songs. Danny is recognised as a particularly important bearer of the Múscraí singing tradition. Danny’s latest album ‘Buail do Phuc agus Liúigh (2016) contains 38 songs.

MAIGHRÉAD NÍ LUASA : #Éigse20

Maighréad Ní Luasa le leagan bríomhar den bport ‘ Paddy Kelly’s ’, agus Tadhg de Brún á tionlacan, a thuilleadh le teacht ag ceolchoirm na hÉigse ar an Satharn 05/12 @ 21:00.

Maighréad Ní Luasa accompanied by Tim Browne playing a lively version of ‘ Paddy Kelly’s ’ – much, much more to come in our Éigse Digital Concert on Saturday 05 December @ 21:00.

Rugadh agus tógadh Maighréad Ní Luasa i Screathan na nGabhann, Cúil Aodha. Chuir a tuismitheoirí Maighréad i dtreo an cheoil nuair a bhí sí cúig bliana d’aois agus tá sí ag seinm ó shin. Is múinteoir bunscoile í Maighréad anois agus múineann sí i dtuaisceart Chorcaí. Bíonn Maighréad ag múineadh ceoil do dhaoine óga chomh maith, rud a thaitníonn go mór léi.

Maighréad Ní Luasa was born and reared in Screathan na nGabhann, Cúil Aodha. Her parents put her in the direction of music when she was five years old and she has been playing music ever since. She now works as a national school teacher and teaches in North Cork. Maighréad also teaches music to young people, something she very much enjoys doing.