DANNY MAIDHCÍ Ó SÚILLEABHÁIN : #Éigse20

Duine de mhór-amhránaithe Mhúscraí le fada an lá is ea Danny. Thosnaigh sé ag foghlaim a chuid amhrán sa bhaile óna thuismitheoirí, Nóra agus Maidhcí. Bhíodh amhránaíocht ar siúl i Scoil Bharr Duínse leis agus é ag dul ar scoil ann.

Chuaigh Dónal Ó Mulláin ó Screathan na nGabhann i bhfeidhm air blianta níos déanaí nuair a théadh sé ar scoraíocht chuige. Bhíodh ana-thóir aige ar amhráin an chumadóra áitiúil, Danny Tom Ó Liatháin.

Daoine eile a raibh tionchar acu ar a chuid amhránaíochta, ó lasmuigh de Mhúscraí, ab ea Liam Weldon agus Jim Kelly i mBaile Átha Cliath. Tá cáil ar Danny as an stór mór amhrán atá aige.

Like all of his siblings, Danny has been singing since he was a young child. Learning songs from both his parents and from singers in the wider family group and the local community. He is known for his rich store of local songs; songs in Irish, in English and bilingual songs. Danny is recognised as a particularly important bearer of the Múscraí singing tradition. Danny’s latest album ‘Buail do Phuc agus Liúigh (2016) contains 38 songs.

MAIGHRÉAD NÍ LUASA : #Éigse20

Maighréad Ní Luasa le leagan bríomhar den bport ‘ Paddy Kelly’s ’, agus Tadhg de Brún á tionlacan, a thuilleadh le teacht ag ceolchoirm na hÉigse ar an Satharn 05/12 @ 21:00.

Maighréad Ní Luasa accompanied by Tim Browne playing a lively version of ‘ Paddy Kelly’s ’ – much, much more to come in our Éigse Digital Concert on Saturday 05 December @ 21:00.

Rugadh agus tógadh Maighréad Ní Luasa i Screathan na nGabhann, Cúil Aodha. Chuir a tuismitheoirí Maighréad i dtreo an cheoil nuair a bhí sí cúig bliana d’aois agus tá sí ag seinm ó shin. Is múinteoir bunscoile í Maighréad anois agus múineann sí i dtuaisceart Chorcaí. Bíonn Maighréad ag múineadh ceoil do dhaoine óga chomh maith, rud a thaitníonn go mór léi.

Maighréad Ní Luasa was born and reared in Screathan na nGabhann, Cúil Aodha. Her parents put her in the direction of music when she was five years old and she has been playing music ever since. She now works as a national school teacher and teaches in North Cork. Maighréad also teaches music to young people, something she very much enjoys doing.

MUINTIR MHEACHAIR : #Éigse20

Muintir Mheachair le leagan ceolmhar den bport ‘I buried my wife and danced on her grave’, ag meabhrú dúinn an féasta ceoil agus amhrán atá le teacht ag ceolchoirm na hÉigse i mbliana.

Here we have Ó Meachair Family with a version of the tune ‘I buried my wife and danced on her grave’, giving us a taste of what’s in store at our Digital Concert ÉIGSE 2020 on 05 December @ 21:00.

Seoladh Póstaeir #ÉIGSE20

Tá áthas an domhain orainn póstaer Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin Ar Líne 2020 a sheoladh inniu!

Seo chugaibh más ea an 29ú Éigse agus tá togha na n-amhránaithe, na gceoltóirí agus na rinceoirí ag taifeadadh faoi láthair lena n-ealaín a chur os bhur gcomhair ag Ceolchoirm Dhigiteach na hÉigse, mar a bheidh fáilte roimh an uile créatúr, ó chian is ó chóngar, go h-imeachtaí uile na hÉigse, ar líne agus ar raidió, ón 04-06 Nollag, 2020.

Bígí ár leanúint ar na meáin shóisialta mar a bheidh blaisíní á gcur inairde againn sna seachtainí idir seo agus Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin 2020. Pups san airde!

We’re absolutely delighted to launch today the poster for Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin Ar Líne 2020 being the 29th annual festival in celebration of the life and singing of Diarmuid O Súilleabháin.

The Éigse will be on this year, on-line and on radio, over the weekend of 04-06 December 2020. We welcome you as our on-line audience, to join our wonderful singers, musicians and dancers for an incredibly special Éigse Digital Concert going out on-line on Saturday evening at 21:00. 

Follow us on social media in the coming weeks for updates and previews of what’s to come at Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin 2020.

Pups san airde!

An 29ú ÉIGSE – 05-06 Nollaig 2020. #ÉIGSE20

Reáchtálfar Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin ‘Ar Líne’ 2020 i mbliana ó Ghaeltacht Mhúscraí, Co. Chorcaí, ar an Satharn 05 agus ar an Domhnach 06 Nollaig, 2020.

Beidh sé seo ar an naoú Éigse ar fhichead a dhéanfaidh ceiliúradh ceolmhar ar shaol agus ar amhránaíocht Dhiarmuda Uí Shúilleabháin, an t-amhránaí ó Chúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí a cailleadh sa bhliain 1991. Bhí cáil agus meas ar Dhiarmuidín as feabhas a chuid amhránaíochta agus as an sárchumas a bhí ann a leagan féin a dhéanamh d’amhráin. Bhí cáil náisiúnta air as an repertoire amhrán a bhí aige, amhráin agus stíl amhránaíochta a tháinig ó chroí thraidisiún amhránaíochta Mhúscraí agus ó thar teorainn aniar ó pharóiste Chill Garbháin i gCo. Chiarraí – stór amhrán i nGaeilge, i mBéarla agus amhráin mhacarónacha.

Gach bliain ó 1992 tagann amhránaithe, ceoltóirí agus daoine le dúil acu san amhránaíocht agus sa cheol Gaelach le chéile as gach cearn den tír, agus ó thar lear, chun sult a bhaint as an amhránaíocht agus as an gceol dúchais i dteannta a chéile, ar stáitse agus i measc an phobail i Múscraí. 

I mbliana toisc na srianta ar thaisteal agus ar theacht le chéile orainn go léir ag éirí as Covid-19, ní bheidh ‘gnáth’ Éigse againn is baolach, ach beidh an 29ú Éigse againn ar líne, rud a fhágfaidh deis againn Éigse speisialta a eagrú agus a cheiliúradh an bhliain seo chugainn – an 30ú Éigse, sa bhliain 2021.

Is í Doireann Ní Ghlacáin a bheidh i bhfeidhil arís i mbliana ar an gCeolchoirm Dhigiteach a chraolfar ar an Satharn 05 Nollaig ó 21:00 go 22:30 ar-líne. Beidh Aifreann Sheáin Uí Riada le Cór Chúil Aodha á chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta (ar an raidió ar 94.4 FM agus ar-líne ar https://www.rte.ie/rnag) ar maidin Dé Domhnaigh agus go gairid ina dhiaidh leanfaidh an Éigse ar-líne ar aghaidh le hábhar ceolmhar ó Cheadail (Recitals) éagsúla na hÉigse a taifeadadh le blianta beaga anuas, roghnaithe as Cartlann Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin.

Beidh gach eolas ar fáil ar shuíomh na hÉigse www.eigse.ie faoin gceolchoirm dhigiteach agus faoi na himeachtaí eile a bheidh ar siúl ar-líne mar chuid den 29ú Éigse. 

Bígí ár leanúint ar na meáin shóisialta sna seachtainí atá romhainn mar a bheidh eolas ar scoth na n-amhránaithe agus ar thogha na gceoltóirí a bheidh againn don gceolchoirm mhór ar an Satharn 05 Nollaig @ 21:00-22:30 ar-líne.

Beidh fáilte is fiche romhaibh ó chian is ó chóngar, ar-líne, go Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin 2020.

https://twitter.com/eigse / #ÉIGSE20

https://www.facebook.com/eigse/

https://youtube.com/user/EigseDiarmuidin

Fáiltítear roimh fhiosrúcháin go dtí Rúnaí Choiste Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin: Cormac Ó hAodha  087 7812115 nó eolas@eigse.ie


Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin will go ahead again this year on-line from the Múscraí Gaeltacht of Co. Cork on Saturday 05 and Sunday 06 December 2020.

This will be the twenty-ninth annual music festival and commemoration of the life and singing of the singer Diarmuid Ó Súilleabháin from Cúil Aodha in the Múscraí Gaeltacht who died in 1991.  Diarmuidín was a highly respected singer, celebrated for his unique ability to make his own of the songs. Recognized both locally and nationally for his extensive repertoire of songs; songs and a style of singing that came straight from the heart of the Múscraí sean nós tradition, as well as from across the county bounds from the parish of Kilgarvan, in Co. Kerry – Diarmuid had a rich store of Irish songs, English songs and bilingual or Macaronic songs.

Every year since 1992 singers, musicians and lovers of the best of Irish traditional singing and music have descended upon the Muscraí Gaeltacht villages of Cúil Aodha and Baile Bhuirne from all over Ireland, and indeed beyond, to enjoy the singing, music and good company.

This year with restrictions on travel and assembly on us all, we are not in a position to have a ‘normal’ 29th Éigse but we are determined to have an Éigse on-line. This will also keep a clear path available to us to have and celebrate a special Éigse next year, a 30th Éigse, in 2021.

Doireann Ní Ghlacáin will again perform the duties of Bean an Tí for the Digital Concert which will be broadcast on-line at 21:00 – 22:30 on Saturday 05 December. On Sunday morning the Seán Ó Riada mass will be broadcast live from the church in Cúil Aodha on RTÉ Raidió na Gaeltachta (94.4 FM on radio or on-line at https://www.rte.ie/rnag). The Éigse will continue with another on-line event at 12:00. 

Éigse Recitals from the atmospheric Old Protestant Church building at Saint Gobnait’s cemetery in Baile Bhuirne have become a much-loved feature of the festival.  Specially selected material from the Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin Archive of these Recitals in recent years will make up this event on Sunday 06 December which will go out on-line at midday.

All information and links to the gala on-line concert and other on-line events of this Éigse will be posted on the festival website www.eigse.ie. Follow us on social media in the coming weeks as we post regular updates and information on the fantastic singers and musicians lined up for our digital concert.

A warm welcome awaits you on-line at Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin 2020.

https://twitter.com/eigse

https://www.facebook.com/eigse/

https://youtube.com/user/EigseDiarmuidin

Enquiries should be directed to Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin committee secretary: Cormac Ó hAodha  087 7812115 or eolas@eigse.ie

Fógra / Ceardlanna Amhránaíochta & Ceoil #Éigse19

Tá na háiteanna á líonadh do na ceardlanna amhránaíochta agus ceoil ach tá clárú fós oscailte!

Táille: Duine amháin =€20
Táillí i gcás páiste ón dteaghlach céanna: X 2 = €35; X 3 = €50; x 4 = €60


Brostaígí agus cláraígí aon lá suas go dtí an lá féin, tar ar an lá féin fiú ach déan teagmháil le bhur dtoil gan mhoill le Síle ag 026 45733

Treasa Ní Mhiolláin – Amhránaíocht i nGaeilge / Irish language singing
Rita Gallagher – Amhránaíocht i mBéarla / English language singing
Cein Sweeney – Feadóg Mhór / Flute
Caitlín Nic Gabhann – Consairtín / Concertina
Dylan Carlos – Fidil / Fiddle
Leonard Barry – Píb Uilleann / Uilleann Pipes
Conor Connolly – Bosca Ceoil / Accordion
Breandán Seoighe – Rince / Dance

Liam O’Connor : #Éigse19

Cuirfear tús le himeachtaí Éigse Dhiarmuidín ar an Aoine 29 Samhain in Áras Éamoin Mhic Shuibhne ag 20:30. Is é Stiúrthóir nua Taisce Cheol Dúchais Éireann (www.itma.ie ), Liam O’Connor, a dhéanfadh an Oscailt Oifigiúil ag 21:00. Is cara dílis don Éigse é Liam, seo é ag seinm le linn ceolchoirm na bliana seo caite.

Ceardlann Éigse 2019

I mbliana beidh ocht gceardlann ar siúl ar maidin Shatharn ó 10:00 go dtí 12:30 in Ionad Cultúrtha an Dochtúra Uí Loingsigh agus i gColáiste Ghobnatan agus ar na múinteoirí cáiliúla a thabharfaidh ceardlanna beidh Caitlín Nic Gabhann ar an gConsairtín, Dylan Carlos ar an bhFidil, beidh Cein Sweeney ar an bhFeadóg Mhór agus Conor Connolly ar an mBosca Ceoil chomh maith le Breandán Seoighe ag tabhairt ranga rince ar an sean nós agus cé go bhfuil cónaí anois air i Sligeach, is as Cill Mhaoile i gCo. Chiarraí don phíobaire cáiliúil Leonard Barry.


Caitlín Nic Gabhann

Rinceoir aitheanta is ea Caitlín chomh maith le bheith ina ceoltóir sár-chumasach ar an gconsairtín. Múineann sí an consairtín ag féilte agus scoileanna samhraidh agus geimhridh ar fud na hÉireann, na hEorpa agus Meiriceá Thuaidh. Tá sí páirteach mar cheoltóir agus mar rinceoir le bannaí ar nós Caitlín & Ciarán, The High Seas, NicGaviskey, Birkin Tree agus The Irish Concertina Ensemble.

Caitlín is a talented dancer as well as an accomplished concertina player and teacher. She teaches concertina annually at festivals, summer and winter schools all over Ireland, Europe and USA. She is currently involved as musician and dancer with bands Caitlín & Ciarán, The High Seas, NicGaviskey, Birkin Tree and The Irish Concertina Ensemble


Dylan Carlos

Ball de chlann an-cheolmhar i gcontae Ros Comáin is ea Dylan Carlos. Cé gur fhás sé aníos in áit a bhfuil an-cháil uirthi do cheol na feadóige móire roghnaigh Dylan ar an bhfidil a chleachtadh, gníomh neamhchoitianta go leor do cheoltóir as Ros Comáin a déarfadh roinnt daoine b’fhéidir. Má roghnaigh sé an fhidil tá tionchar an-láidir ag ceol a dhúthaigh féin ar a chuid ceoil. Ball de Bhanna Céilí Chnoc na Sí is ea é agus bíonn sé páirteach go minic ag féilte ar fud na hÉireann agus thar lear. Bhí Dylan páirteach ag féilte ceoil le déanaí i Sasana agus sa Fhrainc ag seinm agus ag múineadh ceoil.

Dylan comes from a very musical family in Co. Roscommon. Having grown up in a region synonymous with flute playing, Dylan took a road less travelled for a Roscommon musician and took up the fiddle but is still heavily influenced by the music of his local area. A member of the Knocknashee Céilí Band, he also performs and teaches regularly at festivals and around the country and abroad. Dylan has recently played at festivals in England and in France.


Cein Sweeney

Baile beag in iarthar an Chabháin a bhfuil cáil nach beag air i gcúrsaí an cheoil Ghaelaigh is ea Cill na Seanrátha agus is as an áit sin do Cein. Tá mórán taistil déanta aige agus é ar chamchuairteanna éagsúla sa Spáinn, Meiriceá Thuaidh agus ar fud na Ríochta Aontaithe le grúpaí éagsúla. Bhuaigh Cein an chéad áit i gcomórtas sinsir Uile Éireann ar an bhfeadóg mhór sa bhliain 2015. Ina theannta sin tá seinmt na feadóige móire múinte aige ar fud na hÉireann ar fad ag ceardlanna, féilte agus fleadhanna ceoil. 

Cein Sweeney is from Killeshandra Co. Cavan, a small town in west Cavan with a proud reputation of solid Irish music. Cein has toured many places such as Spain, North America and across the UK with many groups. Cein also won the All Ireland senior flute competition in 2015. Cein has taught music across the whole of Ireland at various workshops, festivals and fleadhanna ceoil.


Conor Connolly

As Droichead an Chláirín i ndeisceart chontae na Gaillimhe do Conor. Thosnaigh sé ar an bhfeadóg stáin ag aois a hocht mbliana agus ar an mbosca ceoil nuair a bhí sé dhá bhliain déag d’aois. Ba mhór an onóir do Conor é nuair a bronnadh ‘Gradam Ceoil – Ceoltóir Óg na Bliana 2019’ air níos luaithe i mbliana agus gurb é a mhúinteoir Joe Burke a dhein an bronnadh sin ag searmanas a bhí i Halla an Waterfront i mBéal Feirste i Feabhra 2019. Tá Conor tar éis a bheith ar stáitse agus tar éis bheith ina mhúinteoir ceoil ag mórán féilte ceoil in Éirinn agus thar lear. 

Conor, born on 30th May 1993 comes from the parish of Clarinbridge in South Galway. He started playing tin whistle at age eight and moved onto the accordion at age twelve. The highlight of his musical life to date, has been the honour of receiving TG4’s prestigious Gradam Ceoil – Ceoltóir Óg na Bliana 2019 award presented by his mentor Joe Burke in a ceremony held in the Waterfront Hall in Belfast in February 2019. Conor has performed and gave workshops at many of the Traditional Music festivals at home and abroad. 


Breandán Seoighe

Ón Sraith Saileach, Conamara, Co. na Gaillimhe do Breandán. Is ceantar é Conamara atá nasctha go dlúth le Damhsa ar an Sean Nós agus mar sin d’fhoghlaim Breandán a chuid damhsa faoi a bheith ag féachaint ar na glúnta a tháinig roimhe. Cuireann sé béim áirithe ar stíl phearsanta a fhorbairt ach a dheineann cloí leis an traidisiún. Tá neart craobhacha bainte amach aige, an Craobh Sinsir ag Oireachtas na Samhna 2017 ina measc.

Breandán comes from An Sraith Saileach, Conamara, Co. Galway. Conamara is a place with strong links to the Sean Nós dancing tradition. In this environment Breandán learned how to dance by observing the generations of dancers that came before. He places particular emphasis on the development of personal style while remaining faithful to the tradition. He has won many accolades, including Senior Champion at Oireachtas na Samhna 2017.


Rita Gallaghaer 

Na Frosa in iar-dheisceart chontae Dhún na nGall is áit dhúchais do Rita ach tá cónaí anois uirthi ag Na Crosbhealaí in oirthear an chontae agus tá baint mhór aici leis an amhránaíocht thraidisiúnta i mBéarla ó bhí sí sna ficheadaí luaithe. Bhuaigh sí Fleadh Cheoil Uile Éireann trí huair ó shin. Ba mhór an onóir do Rita é nuair a bhronn TG4 Gradam Ceoil Amhránaí na Bliana uirthi sa bhliain 2017. Ar an scata mór amhránaithe a raibh tionchar ag a gcuid amhránaíochta uirthi áiríonn sí go hard Paddy Tunney a thug ‘Gealbhan na Cruaiche Goirme’ uirthi, tagairt dá háit dúchais ar ndóigh.

Originally from near Frosses in south-west Donegal, Rita Gallagher now lives in Crossroads in east Donegal, and has been involved in traditional singing in English since her early 20’s, going on to win the prestigious All Ireland Fleadh Cheoil competition three times. Rita was honoured to be the 2017 recipient of Gradam Ceoil Amhránaí na Bliana from TG4. Among her many influences is the late Paddy Tunney, who called her “The Linnet of the Bluestacks”, a reference to the locality of her birth. 


Treasa Ní Mhiolláin

Ó dheireadh na 1960í anuas, tá Treasa Ní Mhiolláin ina ceannródaí i measc amhránaithe agus ceoltóirí Árann. Bhuaigh sí an chéad Chorn Uí Riada ariamh ag Oireachtas na Gaeilge i 1972, comórtas a bhuaigh sí arís eile i 1979. I measc na ngradaim eile a bronnadh uirthi, tá: Comórtas na mBan faoi dhó, trí chraobh ag Fleadh Cheoil na hÉireann, trí chraobh ag Fleadh Cheoil na Breataine, Gradam Shean-nós Cois Life agus mórán eile gradam. Le beagnach 35 bliain, tá sí ag teagasc na hamhránaíochta in Oileáin Árann agus i bhfad i gcéin.

Since the late 1960’s Treasa Ní Mhiolláin has been a frontrunner amongst the singers and musicians of the Aran Islands. Treasa won the first ever Corn Uí Riada at Oireachtas na Gaeilge in the year 1972 and won it again in the year 1979. Amongst her other achievements are Comórtas na mBan on two occasions, the Fleadh Cheoil na hÉireann title three times, Fleadh Cheoil na Breataine title three times, Gradam Shean-nós Cois Life and many more. She has taught singing on the Aran Islands, as well many other places, for the best part of the last 35 years.


Téigh díreach i dteagmháil le Síle nó Aoife in Ionad Cultúrtha an Dochtúra Uí Loingsigh chun d’áit a chur in áirithe sa cheardlann is spéis leat ag www.ionadculturtha.ie nó ar ghuthán ag 026 45733

Ceardlanna Amhránaíochta i nGaeilge agus i mBéarla #Eigse19

Beidh an t-ádh le daltaí amhránaíochta i mbliana mar go mbeidh rogha acu idir dhá mhúinteoir amhránaíochta den chéadscoth. Beidh Rita Gallaghaer ó Na Frosa, Co. Dhún na nGall, i mbun ceardlainne amhránaíochta i mBéarla agus beidh Treasa Ní Mhiolláin, as Árann Mór, Oileáin Árainn, Co. na Gaillimhe, i bhfeidhil ceardlainne amhránaíochta as Gaeilge ar an sean-nós.


RITA GALLAGHER

Rita Gallaghaer

Na Frosa in iar-dheisceart chontae Dhún na nGall is áit dhúchais do Rita ach tá cónaí anois uirthi ag Na Crosbhealaí in oirthear an chontae agus tá baint mhór aici leis an amhránaíocht thraidisiúnta i mBéarla ó bhí sí sna ficheadaí luaithe. Bhuaigh sí Fleadh Cheoil Uile Éireann trí huair ó shin.

Ba mhór an onóir do Rita é nuair a bhronn TG4 Gradam Ceoil Amhránaí na Bliana uirthi sa bhliain 2017. Ar an scata mór amhránaithe a raibh tionchar ag a gcuid amhránaíochta uirthi áiríonn sí go hard Paddy Tunney a thug ‘Gealbhan na Cruaiche Goirme’ uirthi, tagairt dá háit dúchais ar ndóigh.

Originally from near Frosses in south-west Donegal, Rita Gallagher now lives in Crossroads in east Donegal, and has been involved in traditional singing in English since her early 20’s, going on to win the prestigious All Ireland Fleadh Cheoil competition three times.

Rita was honoured to be the 2017 recipient of Gradam Ceoil Amhránaí na Bliana from TG4. Among her many influences is the late Paddy Tunney, who called her “The Linnet of the Bluestacks”, a reference to the locality of her birth. 


TREASA NÍ MHIOLLÁIN

Ó dheireadh na 1960í anuas, tá Treasa Ní Mhiolláin ina ceannródaí i measc amhránaithe agus ceoltóirí Árann.

Bhuaigh sí an chéad Chorn Uí Riada ariamh ag Oireachtas na Gaeilge i 1972, comórtas a bhuaigh sí arís eile i 1979. I measc na ngradaim eile a bronnadh uirthi, tá: Comórtas na mBan faoi dhó, trí chraobh ag Fleadh Cheoil na hÉireann, trí chraobh ag Fleadh Cheoil na Breataine, Gradam Shean-nós Cois Life agus mórán eile gradam.

Le beagnach 35 bliain, tá sí ag teagasc na hamhránaíochta in Oileáin Árann agus i bhfad i gcéin.

Since the late 1960’s Treasa Ní Mhiolláin has been a frontrunner amongst the singers and musicians of the Aran Islands.

Treasa won the first ever Corn Uí Riada at Oireachtas na Gaeilge in the year 1972 and won it again in the year 1979. Amongst her other achievements are Comórtas na mBan on two occasions, the Fleadh Cheoil na hÉireann title three times, Fleadh Cheoil na Breataine title three times, Gradam Shean-nós Cois Life and many more.

She has taught singing on the Aran Islands, as well many other places, for the best part of the last 35 years.


Bíonn an-ghlaoch ar cheardlanna na hÉigse gach bliain, dá bhrí sin, moltar áit a chur in áirithe chomh luath agus is féidir.
Íoslódáil an fhoirm iarratais anseo.

The Éigse workshops have always been very well attended, therefore it is advised to book early in order to avoid disappointment.
Download the application form here.